Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fiúntach
aidiacht
níor chuala mé aon síneadh ar an ú ariamh ach sa leagan atá thíos ceird ghlan fhiúntach, ach b'fhéidir gur fóinteach (fúinteach) é sin ó cheart
cóir, spridiúil, fial faoi ól agus faoi bhia agus faoi airgead agus a leithidí. Ciallaíonn sé gnaíúil gan aon bhaint le bia ná deoch leis scaití, ach is annamh é. Féile is mó a bhíos i gceist leis, go háirid flaithiúlacht le ól.
+
Tá sé siúd an-fhiúntach. Sheas sé dhá dheoch dom an lá cheana
Dheamhan maith do dhuine a bheith rófhiúntach agus ag tabhairt óil do bhacaigh nach mbeidh ach ag forcamhás ort, agus ag cur leadhb dhá dteanga amach fút nuair a bheas do chuid ólta
TUILLEADH (1) ▼
Níor casadh in aon teach ariamh thú chomh fiúntach leis an teach sin. Bhí dalladh bídh agus óil le fáil ariamh ann ag feara Fáil
·
Tá sí an-fhiúntach, adeir siad. Ar ndóigh diúltaí muide di. Tá bualadh mór ina diaidh ar aon nós — cóir; bean a mbeadh sé de cháil uirthi go raibh sí an-ligthe léithe féin
+
Níl poll ná púirín ar an gcóta sin té (cé) gur fiúntaí poll na píosa — gur gnaíúla; gurb onóraí
B'fhiúntaí go mór duit a dhul isteach ann idir chlár is chuinneog agus an bhean a iarraidh (le pósadh) go breá slachtmhar, ná a bheith ag imeacht i bpoill agus i bprochógaí agus dhá hiarraidh ar nós chuma liom
TUILLEADH (1) ▼
B'fhiúntaí go mór dó an rud a rá amach ná a bheith dhá chéilt mar sin. Is gránna an rud an cheilt
·
"Tá ceird ghlan fhiúntach (fóinteach?) aige, agus murach go bhfuil, chuirfí in éindí le Tom Costello ag déanamh stannaí fuail é" — leathfhocal atá ag cuid de na seandaoine ag caint faoi fhear oibre nó ceirde; is cosúil gur duine eicínt adúirt é timpeall is thrí nó cheithre fhichid bliain ó shin

fiúntach in iontrálacha eile (13)

 
Tá P. fiúntach, ní hé a fhearacht sin ag (le) a dheartháir é
 
baile
Dhá bhfágtaí chuile dhuine sa mbaile chomh fiúntach leis, ní bheadh aon údar casaoide ag na daoine! — bhí neart óil ar an tsochraide!
 
beann
Dhá mbeadh beann aige ort — ach is corrdhuine a bhfuil beann aige air — níl aon fhear sa tír is fiúntaí ná é.
 
beo 1
'Sé an fear is fiúntaí beo é.
 
bocht 1
Dheamhan ceird fhiúntach ar bith a bhí ann fadó ach fir bhochta ag dul thart ó theach go teach, pailitéaraí agus botháin bheaga chois an bhóthair acub, agus rógairí reatha agus tóraithe ag imeacht ag robáil agus ag sladadh. Níl tada den obair sin anois ann.
 
aice 2
Is furasta do dhuine bheith fiúntach in aice na fairsnge
 
Bhí sé go holc, agus ainneoin sin, ba fiúntach an duine é — ina dhiaidh sin
 
fuar 2
Ar ndóigh ní féidir droichead a dhéanamh de chosa fuara ná den ghiolla gan cuireadh ach an oiread leis an té a fuair cuireadh glan fiúntach. Má bhíonn fear ar bith ag roinnt óil caithfidh sé gearradh éadain a thabhairt dóibh, bídís iarrtha, nó ná bíodh
 
deas 1
Is deas a d'éirigh posta glan fiúntach leis faoi dheireadh thiar thall
 
domhan
Níl sé ó uachtar an domhain go dtí íochtar an domhain an té is fiúntaí ná é, an té a mbeadh aon bheann aige air
 
dream
Daoine fiúntacha a bhí i chuile dhuine dhá dhream, agus ba deacair dhó féin a bheith ar a mhalrait mura dtéadh sé in aghaidh dúchais
 
Diabhal mé go mb'fhiúntaí dhó mála na déirce a chur air féin ceart ná a bheith ag imeacht ag iarratas mar sin. Níl ní dhár dhealbh an ghrian dá chuid féin aige, ach rite ag an gcomharsa ag begéireacht chuile ré solais
 
Ghabhfadh an mac is óige le siúinéireacht — 'sé a raibh uaidh é — dhá bhfaigheadh sé aon ugach, ach sin rud nach bhfuair sé. B'fhearr leis an athair a bheith ag breathnú ansiúd orthu ag leiciméireacht ná a gcur le ceird fhiúntach ar bith. Tá rud ar a shon aige anois