Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fleaim, Fleain, Flam, Pleaim
Ainmfhocal; Buineann
Fuaim Bhéarla atá ar na litreachaí ar nós "flam", ach bíonn m leathan Ghaeilge ann amanntaí. (Focal mór ag bádóirí é, ach tá sé coitianta san gcaint ag gach duine)
a.
puth; dionnóid; gaoth an-bheag.
+
Níl fleaim as an aer anocht = dionnóid ghaoithe
Ní raibh fleain ann ag an seacht a chlog, ach d'árduigh sí annsin = gaoth; puth
TUILLEADH (4) ▼
Dheamhan fleaim as aer
Ní dhéanfaidh muid caladh go deo ar an lagar seo. Dheamhan flam as aer
Shílfeá go bhfuil pleaim bheag ag eirí = beóchan beag gaoithe
Dhá dteagadh an oiread de phleaim agus a thiúrfadh go céibh muid!
b.
cor; beochan; biseach; géarú.
+
Ní raibh fleaim san aonach = ní raibh géarú ar bith ann; ní raibh imeacht ar bith ar bheithigh ná aon-fhiafraí orra
Bhí sé (an t-aonach) maith go leór go dtí an haon-déag ach níor fhan fleaim ar bith ann uaidh sin amach. Gamhain ar bith nach raibh díolta an uair sin, bhí sé as
TUILLEADH (1) ▼
Níor tháinig fleaim ar bith ann go dtí amach go maith san maidin. Tháinig cluiche ceannachóirí annsin: muinntir Luimní. Scuab siad sin a raibh de bheithigh láidre ann fútha agus tharta
+
Níl pleaim ar bith san duine bocht = níl cor ar bith ann; tá sé gan mothú gan arann; níl aon-bhiseach ag teacht air ón tinneas
Bhí sí friochanta go maith inné, ach níl pleaim ar bith inniu inte = bó thinn
TUILLEADH (3) ▼
Is fadó an lá nach raibh flam ar bith ann. B'fhéidir go ndeachaidh sé ar athrú béasaí. Ní bhíodh seachtain ar bith roimhe seo nach gcloisfeadh duine go mbíodh sé ag troid = duine tugtharach d'achrann; é leighe faoi anois
Níor fhan aon-fhleain ann, ó stop an poitín. Ba é an poitín a bhíodh dhá shaghdadh = tá sé socair suaimneach ó stop an poitín
Níl fleaim san móin faoi láthair. Amach annseo ach a dteighe sí chun gainneacht a bhéas an fuadach uirre

Féach freisin