fleaim, fleain, pleaim
—ainmfhocal, baineann
—fuaim Bhéarla atá ar na litreachaí ar nós flam, ach bíonn m leathan Ghaeilge ann amantaí. Focal mór ag bádóirí é, ach tá sé coitianta sa gcaint ag gach duine.
—
a.
puth; deannóid; gaoth an-bheag.
+–
Níl fleaim as an aer anocht — deannóid ghaoithe
Ní raibh fleain ann ag an seacht a chlog ach d'ardaigh sí ansin — gaoth; puth
TUILLEADH (4) ▼
Dheamhan fleaim as aer
Ní dhéanfaidh muid caladh go deo ar an lagar seo. Dheamhan fleaim as aer
Shílfeá go bhfuil pleaim bheag ag éirí — beochan beag gaoithe
Dhá dteagadh an oiread de phleaim agus a thabharfadh go céibh muid!
b.
cor; beochan; biseach; géarú.
+–
Ní raibh fleaim san aonach — ní raibh géarú ar bith ann; ní raibh imeacht ar bith ar bheithígh ná aon fhiafraí orthu
Bhí sé (an t-aonach) maith go leor go dtí an haon déag ach níor fhan fleaim ar bith ann uaidh sin amach. Gamhain ar bith nach raibh díolta an uair sin, bhí sé as
TUILLEADH (1) ▼
Níor tháinig fleaim ar bith ann go dtí amach go maith sa maidin. Tháinig cluiche ceannaitheoirí ansin: muintir Luimní. Scuab siad sin a raibh de bheithígh láidre ann fúthu agus thartu
+–
Níl pleaim ar bith sa duine bocht — níl cor ar bith ann; tá sé gan mothú gan arann; níl aon bhiseach ag teacht air ón tinneas
Bhí sí friochanta go maith inné ach níl pleaim ar bith inniu inti — bó thinn
TUILLEADH (3) ▼
Is fadó an lá nach raibh fleaim ar bith ann. B'fhéidir go ndeachaigh sé ar athrú béasaí. Ní bhíodh seachtain ar bith roimhe seo nach gcloisfeadh duine go mbíodh sé ag troid — duine tucarach d'achrann; é ligthe faoi anois
Níor fhan aon fhleain ann ó stop an poitín. Ba é an poitín a bhíodh dhá shaighdeadh — tá sé socair suaimhneach ó stop an poitín
Níl fleaim sa móin faoi láthair. Amach anseo ach a dté sí chun gainneacht a bheas an fuadach uirthi
fleaim in iontrálacha eile (9)
→
crinn
Bhí an dá phúcán tosaigh ag crinneadh a chéile chomhuain is a mhair fleaim ar bith as aer, ach nuair a chuaigh sé ar lagar críochnaithe, bhuail púcán Ch. S. púcán na n-oileán sa tornáil. Mar sin fhéin, ní fhaca mé aon gheallta ó tháinig cuimhne dhom a chinnfeadh orthub.
+
→
aer
Níl fleaim as aer (fuaim Bhéarla ar an bhfocal fleaim — flam) — tá calm, lagar, nó téagla ann
TUILLEADH (3) ▼
Ní chorródh sé amach dhá mbeadh puth as aer (fleaim, siolla, geoladh, deannóid, smeámh)
"Dhá mbeadh sé ag cur shneachta, agus gan fleaim as an aer; ach é ag titim ina charnaí le grasta Mhic Dé" (as seanamhrán — Caitlín Triall. Fleaim — an fhuaim Ghaeilge a chuala mé thuas air, ach flam i gcónaí sa gcaint i gCois Fharraige)
Ag Cora an Chaisleáin a tháinig an lagar (.i. téagla) orainn, agus ní raibh fleaim as aer uaidh sin aniar.
→
deoladh
B'fhóinteach a tháinig an deoladh sin féin théis an lagair. D'fhéad muid beagán siúil a chur uirthi isteach. Bhí muid amuigh leath cuain agus é ina chalm críochnaithe orainn. Dheamhan fleaim as aer a bhí sa seol
→
déan 1
Is maith gasta atá seol déanta acu, ach níl aon mhaith ann. Tá an lagar rómhór. Níl fleaim as aer