Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Flith-shneachta (frith-shneachta)
sneachta cruadh ach nach clocha sneachta é. Báisteach agus barr sneachta uirri. Sleet i mBéarla.
+
Ní báisteach í sin ach flithshneachta. Dar an leabhar ní flithshneachta ach oiread í ach sneachta corpanta
Ba diabhaltaí an ráig flithshneachta é sin a chaith sé
TUILLEADH (3) ▼
Bhí sé ag flithshneachta as gaoth anoir
Is olc an cur é an flithshneachta sin. Ag tolgadh tuairt shneachta atá sé: sin é an méid. Faraor nach gcaitheann sé scráib bhreá dhó, agus eirí as, agus gan a bheith ag sceidínteacht leis mar seo. Bhainfeadh sé an fhuaraíocht seo as an aimsir
Ba deannachtach an chith frith-shneachta a chaith sé amach san oíche aréir. Bhí mé amuigh i gcíonn bó a raibh tinneas laoigh uirri, agus ba bheag nar seacáladh mé. B'fhuar an oíche í deirimse leat