Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
flichshneachta, frithshneachta
sneachta crua ach nach clocha sneachta é. Báisteach agus barr sneachta uirthi. Sleet i mBéarla.
+
Ní báisteach í sin ach flichshneachta. Dar an leabhar, ní flichshneachta ach oiread í ach sneachta corpanta
Ba diabhaltaí an ráig flichshneachta é sin a chaith sé
TUILLEADH (3) ▼
Bhí sé ag flichshneachta as gaoth anoir
Is olc an cur é an flichshneachta sin. Ag tolgadh tuairt shneachta atá sé: sin é an méid. Faraor nach gcaitheann sé scráib bhreá dhó agus éirí as, agus gan a bheith ag sceidínteacht leis mar seo. Bhainfeadh sé an fhuaraíocht seo as an aimsir
Ba deannachtach an chith frithshneachta a chaith sé amach san oíche aréir. Bhí mé amuigh i gcionn bó a raibh tinneas lao uirthi, agus ba bheag nár seacáladh mé. B'fhuar an oíche í deirimse leat

flichshneachta in iontrálacha eile (3)

 
fiach 2
'Sé an sórt tráthnóna a bhí ann, tráthnóna a chuirfeadh an éig ar na fiaigh dhubha. Bhí sé ag flichshneachta as gaoith anoir agus bruíos ann a bhearrfadh thú. Níor shaothraigh mé aon aistir ariamh ach é
 
Bhí bó ansin thoir ar an aonach agus nuair a chuaigh siad dhá bleán, bhí an úth chomh rite lena bhfaca tú ariamh. Ach deoir féin ní raibh sí a thál ina dhiaidh sin. Chuaigh chuile dhuine di ach ba aon mhaith amháin é. Tháinig an fear seo — ceannaitheoir a bhí ann — agus chuaigh sé féin ag méirínteacht léithe. Chuir sé soipín tuí isteach sna dalláin aici, mar dhóigh dhe go raibh siad tachta … ach dheamhan tachtadh ná cuid de thachtadh. Ní ar na dalláin ná ar a cuid siniúchaí a bhí an diomar (marach, locht) chor ar bith. Fear sách simplí — bádóir as Conamara — a casadh timpeall ann sa deireadh agus é ar a ghlasmheisce. Ní thabharfá deich triuf air lena fheiceáil. Sách adhartha a bhí sé ag imeacht. D'fhiafraigh sé céard a bhí orthu, agus hinsíodh dó. Bhí an ceannaitheoir an uair seo in éadan na ndalláin aici. 'Lig do na dalláin,' adeir an bádóir. 'Tá na dalláin chomh freeáilte agus a bhíos mo pholláiríse agus an bád ag tabhairt leathbhord sa ngaoith thar an gCeann lá flichshneachta. Ach inseoidh mise dhaoibh céard a dhéanfas sibh. Stopainn an bhainne atá ar an mbó. Má tá bairille ann agus é lán uisce, ardaígí suas é ar áit ard eicínt. Tugaidh an bhó lena ais. Coinnígí ansin í. Scairdigí anuas an t-uisce as an mbairille de réir a chéile. Mura ndéana an bairille sin, líonaigí bairille eile, agus déanaigí an cleas céanna. Nach mairg gan galún taosctha an bháid agam, agus is gearr a bheinnse dhá cur ag tál.' Tugadh isteach i yard Sh. í. Tá a fhios agat an bairille ard siúd a raibh an teaip air a bhí thiar le balla. Thiomáil siad an bhó suas lena thaobh, agus chuir siad an teaip ag rith. Ligeadh chomh maith le trí bhuicéad uisce as. Ná raibh ann nár thosaigh an bhó ag tál an bhainne chomh briosc agus dhá mba as béal gloine a bheadh sé ag teacht. B'éigean buicéad a chur fúithi de léim. 'Anois,' adeir an bádóir 'ab iad na dalláin a bhí dúnta,' agus haway leis isteach i ndoras cúil Bh. gur chuir cáitheadh pórtair ar an smut aige féin. Cé a mb'fhearr é sin ná do wireínse ar ball?
 
Ba lá deannachtach é: flichshneachta as gaoth anoir agus soinneán ann a bhearrfadh thú. Shíl mé nach ndéanfainn aniar go brách é. B'éigean dom a bhunáite a shiúl. Dheamhan Goll Mac Móirne a chuirfeadh bicycle aniar ina haghaidh. Is mó an bhrath a bhí agam é a chaitheamh isteach tigh Ph. agus a theacht aniar dhá uireasa