Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fliuch
fleoch fuaim
Aidiacht
Breis Chéim: fliche (/f′l′hī/: /f′ʟ′ī/)
a.
uisce, nó lacht eicínt a bheith ar rud; báisteach a bheith ann.
+
Tá an lá fliuch
Is fliuch an aimsir í
TUILLEADH (9) ▼
Bain díot na héadaigh fliucha
Taltaí fliucha iad
Ná bíodh do chois fliuch ar chaoi ar bith. Is leath sláinte do dhuine a chois a bheith tirm
Tá gob sách fliuch air, má tháinig sé in aghaidh na báistí sin
Tiocfaidh sé fliuch fós inniu
Tháinig an lá fliuch taca am dínnéir
Níl a fhios agam nach dtiocfadh fliuch don trathnóna = nach dtiocfaidh sé fliuch
Is fliche (flithí) anocht é ná aréir
Déarfainn féin gur fliche an carraigín seo inniu ná inné, agus shílfeá nar buaileadh aon-deóir bháistí air idir dhá am
·
"Báisteach ó Dhia againn agus é a bheith fliuch agus cuid an lae amáireach go ndéana sé inniu" (rann)
Sé moladh na mná óige a druim a bheith fliuch = ag tarraint cléibh fheamainne agus le obair shraimlí
+
Tá mé fliuch báite = an-fhliuch (an dá fhocal le chéile go minic)
Bhí mé fliuch báite ar a theacht abhaile dhom aréir
TUILLEADH (6) ▼
Tá an mhóin seo fliuch báite
Tá mé fliuch sraimlí
Lá fuar fliuch a bhí ann
Bhí mé ar an bportach inniu agus má bhí fhéin is fuar fliuch an áit sin
Tá sé ag cothú leath-fhliuch go maith
Tá sé cho fliuch leis an draoib (leis an aoileach agus rl.)
b.
·
Tá mo shrón fliuch chuile phuinnte ag an slaghdán seo = smaois nó cranntairle liom
Ní fhaca mé ariamh é gan srón fhliuch a bheith aige
c.
·
Is fliche istigh ná amuigh é = déarfadh duine é a mbeadh a dhóthain ólta aige leis an rud sin a thabhairt len innseacht
Sláinte an bhradáin: croí tirm agus gob fliuch
d.
+
Níl neart méirín fhliuch a leagan air nach mbíonn sé eirithe suas in a choileachín = drannadh chor ar bith leis; araoid ar bith a chur air; tangachtáil chor ar bith leis
Níor leag mise méirín fhliuch air, agus bhí sé ag clamhsán orm in a dheidh sin. Abhallóir de ghasúr é. Is géar a thastódh slat uaidh
TUILLEADH (2) ▼
Seachain an leagfá méirín fhliuch air. Má leagann, sin é a bhuac. Gabhfaidh sé go dtí na póilíos ar an bpuinnte le "summon"sachaí a tharraint
Dheamhan méirín fhliuch a leag an máistir faoi dhó ariamh air, agus chuaigh sí soir ag sciolladóireacht air in a dheidh sin. Sin í an mháthair agad: ag borradh le cantalóir de ghasúr. Is gránna é a ceird

Féach freisin

Fliuch in iontrálacha eile (50+)

 
Tá faitíos orm go dtiocfaidh an lá fliuch
 
Bhí an t-urlár cho fliuch sin aige agus go mb'éigin dó a bhaint cúig nó sé de chuarta. Chuir sé líméar faoi, ach dheamhan maith a bhí ann. Bhí an ceann le fánaidh ag an uisce anuas annsiúd air. Thosaigh P. N. ag flithmhagadh faoi agus ag rádh go mba cheart dó a chrochadh agus farúch a chuir faoi mar a chuireas muinntir an Achréidh faoi na cruacha. Ba bheag nachar speir sé é.
+
fliche
Tá sé ag dul chun fliche (flí) = an bháisteach ag neartú; nó ag teacht 'un báistí
TUILLEADH (2) ▼
Is mó an chosúlacht atá ar an trathnóna go ngabhfaidh sé chun fliche.
Tá súil agam nach ngabhfaidh sé chun fliche ar chuma ar bith go mbeidh muide san mbaile
 
Fliuchán! Tabhair fliuchán air! Chuile lá i mbéal a chéile fliuch
 
Cén catmara atá ar an bhfear seo thíos a dhul ag cur an tabhairt sin air fhéin le leasú go barr an bhaile, suas ar sean-spíontán fliuch báite, agus neart garrantaí bán de scoth na talúna annsin siar aige. 'Ar ndó sin é: ag treabhadh an tsléibhe agus an talamh réidh a fhágáil gan cur
 
Deir siad gurb é S. Bh. ba chionntach léithe sin. Fuair sé caidéis di, gan aon-'bhail ó Dhia', a chuir uirre. Badh é ráidhte 'chuile dhuine go raibh droch-shúil aige. Pé acu sin é, dheamhan deoir bhainne sláinte a d'ól sí ó'n lá a bhfuair sé caidéis di. Bhí a máthair a's a muinntir a' strócántacht le na fear, ag iarraidh air a dhul go dtí S. B. a's é 'thabhairt 'un láithreach, go gcuireadh sé 'bail ó Dhia fliuch' uirre.
 
'Bhfuil fhios agad an moghlaer mór a bhí ar forbhás ar stuaic a' charracáin sin thiar i Leic a' Rí (garrdha)? Thuit sí anuas le fána, a's tá sí caithte thíos sa lag fliuch siúd anois. Is maith an t-ádh a bhí orainn nach raibh aon-bhó againn ann, nó bheidís cruptha isteach faoi ghiall a' characáin ar a' bhfarradh gaoithe sin a bhí ann le dhá lá, a's dhéanfadh a' daigéad siúd cuailín cnámh díob.
+
cobha
Níl áit ar bith is measa ag an gcabh sin ná dubhrabhán fliuch a d'fhágfaidhe scathamh maith bán.
TUILLEADH (1) ▼
Cimín cnuic ab fhearr dóib an t-am seo 'bhliadhain. Ní hé an dubhrabhán sin agadsa an áit ab fhearr liom caora a fhaghail anois. Tá sé bun-fhliuch a's ní bheadh fhios aghad nach cabh a bhuailfeadh iad ann.
 
Níl a' féar i gcosamhlacht a bheith an-fhliuch, ach is fánach an chaoi a ndreoghfadh sé 'na dheidh sin fhéin.
 
'Samhradh riabhach, foghmhar grianmhar'. Sin é cothromacan síne na h-uaire. Má bhíonn samhradh fliuch ann, tiocfa an foghmhar thar cíonn. Caithfe sé.
+
M'anam dá bhfágthá na h-íochtair fliucha sin, achar a' bith bán, go ndéanfaidís cíb ar éigin. An t-uisce a chomhnuighea(nn)s idtalamh íochtair a dhéana(nn)s é sin.
TUILLEADH (1) ▼
Ní chasfadh a' diabhal fóidín baic ar na h-íochtair fhliucha údaidh. Tá siad in a gcíb ar éigin as éadan. Fhobair mé feac a bhriseadh leo(b) indiu.
 
cíble
Tháinic sé in a chíbleadh bháistighe orainn ag Á. Dh. l. a's ní raibh snáth orainn nach raibh fliuch báidhte ar a theacht abhaile dhúinn.
 
Dhá ndéantaí cupla cis, is na lagannaí fliucha, bheadh bealach maith asail ann.
 
Breagh nar scaoil tú an craobh mhúirín sin thart, a's gan a dhul i gcleitheamhnas thú fhéin a fhliuchadh. Diabhal rud a bhuail ariamh thú is measa ná slaghdán samhraidh. Fhobair gur fhága sé sínte mise annseo an bhliadhain cheana.
+
Is fhearr dhuit scuireadh maran leat thú fhéin a fhliuchadh leis a' gcramhar bhradach sin.
TUILLEADH (1) ▼
Ní bheadh an cramhar sin achar a' bith do do fhliuchadh, dhá mbeitheá fúithe.
+
Chaithfeá na crúbáin sin a fhágáil ann, arae tá íochtar a' chúil ro-fhliuch, a's mara bhfágtar neart bealaigh ag an uisce aníos ó chlaise an tsrotha, d'eireochadh a' fuarloch ar na h-íochtair as éadan, a's bheadh a' cur ó mhaith.
TUILLEADH (1) ▼
Is beag a' tairbhe a bheidheas agad ar na crúbáin fhliucha sin, ar aon-nós. D'eirigh an tuile mhór orrab, faoi Bhealtaine.
 
Níl dochar a' bith 'sna cuilíní tirme sin, 'nuair nach mbeadh an súighe fliuch ann.
 
beo 1
Chomh uain's 'bheidheas tú beo aríst, ná leag méirín fhliuch air sin, má tá do leas ar Dhia.
 
binse
Dheamhan a n-aireochthá a dhath an tsleaghdóireacht, dhá mbeadh binnse tirm agad. Ach is sraimlidhe an saothar a bheith caruidheacht le binnse fliuch.
+
Níl aon-iongantas, ná nar bhreoidh an chruach sin as éadan, a's chomh tais a's bhí sí, nuair a rinneadh í. Is beag nach bhfáiscfeá í, bhí sí chomh fliuch sin.
TUILLEADH (1) ▼
Tá riascannaí dubha istigh i lár a' choca, maran ro-fhliuch a bhí an féar nuair a rinneadh é, a's ghur bhreodh sé. Ach pé acu sin é, dheamhan a dhath loicht ag na beithidhigh air.
 
breá
Is breagh fliuch an oidhche í.
+
bruach
Níl sé éasca chor a' bith na bruachannaí a leagan ann in áiteachaí. Tá bráideannaí fliucha ann, a's sé díol a' diabhail iad, le deacracht (féach "bráideannaí)
TUILLEADH (2) ▼
Ní leagfa mé bruach a' bith ar na crúbáin fhliucha sin thíos le claise an tsrotha. Spréidhfe mé amach iad, mar tá siad.
Ní fhéadfá sáthadh de láighe a chuir imbruach anois, tá'n chreafóg chomh fliuch sin.
+
brád
Is gearr a bheitheá de do fhliuchadh faoi'n mbrád sin.
TUILLEADH (3) ▼
Shílféa nach raibh ann ach mion-bhrád, a's d'fhliuch sé go craiceann mé 'na dhiaidh sin.
Brádán fliuch go leor é.
Ná teirigh amach faoi'n mbrádán sin, nó beidh tú fliuch báidhte gan mórán achair
 
aer
Ar an dá luath a's a gcaithfe sé an chéad deoir as aer, d'fhágfadh sé na seacht sratha ar an iomaire, faitchíos a bhfliuch(f)aidhe é.
 
Is fánach a' tsiocair a bhí aige. D'fhliuch sé a chosa a' fiadhach, seachtmhain go Domhnach seo caithte, a's ná raibh ann, marar buaileadh síos le slaghdán é. Dheamhan a chos a d'eirigh ó shoin, a's níl gaisce 'bith air, fós fhéin.
 
buail
Garrdha tirm a bhí ann, a's chaithfeadh a' cur a bheith buailte ann, a's chomh fliuch a's 'tháinig an bhliadhain.
 
buille
Tá sé buille broc-fhliuch le corruighe amach.
 
buinne 2
Tháinic a' bhliadhain ro-fhliuch. Ní fhéadfadh aon-bhuinne a bheith ar aon-fhata fós.
+
ailím
Is dainnséarach an ailím do dhuine a dhul dhá fhliuchadh fhéin leis a' gcairrigín céadna, scáth 'bhfuil de thairbhe air.
TUILLEADH (1) ▼
Is fliuch an ailím a dhul 'na phorta(igh) indiu.
 
aire
Tugann sé an-aire dhó fhéin; ní fheicfe tú amuigh é lá fliuch = tá sé triollata air fhéin; ní bhíonn sé amuigh faoi fhliuchán ná faoi fhuacht, ná faoi dheártan.
 
Is mór a' t-íongnadh nach bhfuil barrann níos fhearr ar a' ngiodán sin. Shílfeá gurb é an spota is aireamhla 'sa bpáirc é. Ach bhí an bhliadhain ro-fhliuch.
 
anam
M'anam ná raibh ag a' Diabhal, má leagann sé méirín fhliuch aríst ort, a's go mbeidh 'anam agam.
 
Nach diabhaltaidhe an t-antlachán thú, nach scaoilfeadh an lá fliuch thart, agus a liachtaighe lá tirim a thiocfas aríst go gcaithtear an samhradh
 
D'fhliuch sé é féin go corrógaí indiaidh na feamuinne, le cuthach an-tláis.
 
aníos
Fliuchadh mé aníos go glúine.
 
Má tá tú fliuch, cuir athrú éadaighe ort fhéin.
 
Bain díot anuas na h-éadaighe fliucha sin go beo, nó tolgó(cha) tú an t-éag asta(b).