Floscaíocht
—Ainm Bhriathar
—
gaisce; flasúlacht, gailimaisíocht; a bheith mórfhoclach. Ciallaíonn floscaíocht amanntaí, an chaint a bheadh ag feimíneach nó ag duine a bheadh ag iarraidh a dhul i scath leith ort. Ní baileach gur feimínteacht é, ach bíonn roinnt den fheimíneacht nó den bhéalchrábhaidh nó den "tartuffisme" ann.
+–
B'éigin dom imeacht. Ní fhéadfainn éisteacht len a chuid floscaíocht: a bhfuil de mhóin bainte aige, a bhfuil d'fhataí curha aige, cho maith agus atá a chlann ag an scoil. Ní mór dóibh sin muis ar a shon seisean. Ní raibh aon-dallarán ba mhó ná é san scoil nuair a bhí sé ag dul ann
Floscaíocht bhéil uiliog é, agus chuile dhuine dhá mhuinntir
TUILLEADH (2) ▼
Tá an fhloscaíocht bhéil sin breá go leór! Ag moladh na mná anois nuair atá sí san gcréafóig. Ní dhéarfadh muinntir na mná muis, go raibh seisean in a dheagh-cheann di, agus í beó
Dheamhan dochar ann, ach a bhfuil de fhloscaí mar sin aige. Níl fear ar bith beó is túisce a dhéanfadh soilíos duit ná é. Ach is deacair do dhuine stuaim a choinneál ar an bhfoighid scaití ag éisteacht leis ag floscaíocht