Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
floscaíocht
ainm briathartha
gaisce; flasúlacht, galamaisíocht; a bheith mórfhoclach. Ciallaíonn floscaíocht amantaí, an chaint a bheadh ag feimíneach nó ag duine a bheadh ag iarraidh a dhul i scáth leith ort. Ní baileach gur feimínteacht é, ach bíonn roinnt den fheimíneacht nó den bhéalchrábhaidh nó den tartuffisme ann.
+
B'éigean dom imeacht. Ní fhéadfainn éisteacht lena chuid floscaíocht: a bhfuil de mhóin bainte aige, a bhfuil d'fhataí curtha aige, chomh maith agus atá a chlann ag an scoil. Ní mór dóibh sin muis ar a shon seisean. Ní raibh aon dallarán ba mhó ná é sa scoil nuair a bhí sé ag dul ann
Floscaíocht bhéil uileag é, agus chuile dhuine dhá mhuintir
TUILLEADH (2) ▼
Tá an fhloscaíocht bhéil sin breá go leor! Ag moladh na mná anois nuair atá sí sa gcréafóig. Ní dhéarfadh muintir na mná muis, go raibh seisean ina dhea-cheann di agus í beo
Dheamhan dochar ann ach a bhfuil de fhloscaí mar sin aige. Níl fear ar bith beo is túisce a dhéanfadh soilíos duit ná é. Ach is deacair do dhuine stuaim a choinneáil ar an bhfoighid scaití ag éisteacht leis ag floscaíocht

floscaíocht in iontrálacha eile (2)

 
duine
Muise ní raibh ná aon duine dhár tháinig ar a chine ariamh ina dhuine uasal. Daoine uaisle anuas de lota na gcearc! Ach dhá ndéanadh floscaíocht dóibh é, bhí siad in ann cosa beaga a chur faoi na glasógaí
 
dáil
Ní raibh baol ar bith ormsa suí i ndáil leis sin. Sháródh sé mé i gcaitheamh na hoíche lena chuid floscaíochta