Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fobhairne
Ainmfhocal
i leagan amháin: fear fobhairne (/fəurɴə/) (míniú amháin a chuala mé air gur "fear fóirínte" é, ach ní shin é an fhuaim atá ag aonduine air, agus is míniú gan údar é)
1.
leathbhádóir; cúntóir i mbád; comh-bhádóir (le báid a bhaineas sé go háirid, ach stangtar an chiall i bhfeiliúint do rudaí eile).
a.
+
Bhí mise amuigh annsin thiar lá agus bhuail mé cuisle eistrí gan aireachtáil. Thug mé scríb fútha agus thóig mé na céata aca leis an líon. Bhí báid eile fúm agus tarm agus gan a fhios aca a raibh siad ann chor ar bith. Dheamhan fios muise ná ag an bhfear fobhairne a bhí liom san mbád sílim. Thiocfá ar chuisle mar sin scaití
Ghabhfainn ar farraige inniu dhá mbeadh fear fobhairne agam, ach sin é an buille. Cáil an fear fobhairne ab fhiú dhuit a thabhairt leat den bhaile seo. Níl a leithide ann
TUILLEADH (6) ▼
Níor mhór dhuit fear fobhairne i gcomhnaí sna báid iomra annseo. Tá siad mí-stuama. Theastódh fear ar 'chaon mhaide.
Bhí sé fhéin ar an teile ag gabhail an bháid agus an fear fobhairne chun tosaigh ag crapadh an tseóil chinn. Sin é an uair a tháinig an chuaifeach. Scuab sí an fear fobhairne i bhfairrge. B'fhada a chaith sé as cionn uisce i sruth na stiúrach. Chaith an fear eile ceann téide chuige, ach níor eirigh leis a tapú
Bhí mé uair ag fanacht le fear fobhairne a chuirfeadh an churach siar a chúnamh dhom, ach diabhal duine a bhí ag teacht. "Buailfidh mé fhéin faoi", adeirimse faoi dheireadh agus faoi dhó. "Rinne mé cheana é gan fear fobhairne ar bith". Ach m'anam má rinne narbh é an lá sin é. Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agamsa agus mé leath cuain choinneóinn stuaim ar an bhfoighid, agus ní chorróinn as an áit a raibh mé. Bhí farraige ghárha ann agus an sruth i m'aghaidh
An mac atá in a fhear fobhairne anois aige. Más é fhéin, is togha bádóir é. Níl a bhualadh ann. Níl farraige dhá mhéid indon aon-scáth a chur air.
Dhá mbeadh fear fobhairne ar fónamh san gcurach agam an lá sin, ní loicfinn. Bhí an-fharabógaí farraige ann, ach bheadh cóir againn isteach. Ba bheag an stró a bheadh ar dhá churachóir mhaithe a theacht abhaile. Maidir leis an gceann a bhí in éindigh liomsa ní raibh ann ach sbogán nar cheart dó a dhul chun farraige chor ar bith
Bhí mise ag teacht aníos an daingean lá agus chonnaic an fear fobhairne a bhí agam — S. Gh. — na breilleógaí léin sin. Ba bheag nar thuit sé as a sheasamh. Ba é bum an tseoil mhóir a choinnigh ar a chosa é. Ara diabhal áird ar bith a thug mise orra!
b.
an té a mbeadh leath báid aige i bpáirt leat.
·
Cén fear fobhairne atá aige san mbád mór nó an leis fhéin ar fad í
Sé S. máistir na gleóiteóige. Níl P. ach in a fhear fobhairne aige. Tá mé ag ceapadh go bhfuil dhá chuid ag S. inti
2.
a.
fear freastail.
·
Níl fear fobhairne ar bith ag an tuíodóir breá seo thíos, ach é ag freastal air fhéin. Shílfeá ar a laghad ar bith go ndéanfaidís na baibíní dhó, ach diabhal déanamh
b.
an té a bheadh ag cuidiú leat, ag borradh leat, in a theannadh ar do chúl agad etc; cúl toraic, "second".
+
Sé S. an fear fobhairne atá aige. Ní dhéanann sé tada gan a cheadú
'Ar ndó sé an fear fobhairne atá ag an seairsint é. Ní dhéanann an seáirsint tada gan é a cheadú. Isteach chuige atá sé rite chuile phuinnte
TUILLEADH (1) ▼
Níor mhór dhuit agad d'fhear fobhairne an lá sin. Bhí do chnaipe déanta marach go ndearna sé tártháil ort. Mharódh na Peaitseachaí thú
c.
fear a bheadh ag tarraint scéalta chugad, ag cur bearta in a suí dhuit ("making the balls"), ag maoidheamh leat, mar dhóigh dhe go mbeadh sé cho cionntach leis an té a dhéanfadh an bualadh, an gníomh etc.
+
Beidh fear fobhairne ag an sagart sin is chuile bhaile nó is cinniúint air é. Nuair a bhéas snaidhm ar bith air rithfidh sé go dtí iad seo go dtuga siad chuile scéala dhó. Is beag an néal ar an ógánach sin!
Sin é an fear fobhairne atá ag Debhalera sna bólaí seo. Tá sé cho dílis dó sin anois, agus diabhal aithne air nach íocaíocht a fhás sé ar a shon. Do dhúshlán aon-cheo a rá faoi Debhalera as a chomhair. Spréachfadh sé a dheárthair mo chroí. Spréachfadh a mh'anam agus thiúrfadh sé fút garbh é
TUILLEADH (2) ▼
Coinnigh leat é sin. Sin é an fear fobhairne atá ag an "mboss". Is mór a d'fhéadfadh sé sin a chur ann duit, dhá mbeadh sé leat, ach is mór a d'fhéadfadh sé a chur as duit ar an gcóir chéanna. Níl aon-cheo dhá ndéarfaidh sé nach shin é a dhéanfas an "boss". Bíonn an bheirt ag ól in éindigh chuile oíche
B'fhearr liom iarraidh go mór a fháil ar Sh. Sé an fear fobhairne é atá aige. Níl iadhadh air ach ag maoidheachtáil leis. Is maith glan a choinneós sé fhéin as chuile thromásc, pé aca sin é