Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fobhairne
ainmfhocal
i leagan amháin: fear fobhairne /fəurɴə/. Míniú amháin a chuala mé air gur fear fóirithinte é, ach ní hin é an fhuaim atá ag aon duine air, agus is míniú gan údar é
1.
leathbhádóir; cúntóir i mbád; comhbhádóir. Le báid a bhaineas sé go háirid, ach stangtar an chiall i bhfeiliúint do rudaí eile
a.
+
Bhí mise amuigh ansin thiar lá agus bhuail mé cuisle eistrí gan aireachtáil. Thug mé scríb fúthu agus thóg mé na céadta acu leis an líon. Bhí báid eile fúm is tarm agus gan a fhios acu a raibh siad ann chor ar bith. Dheamhan fios muise ná ag an bhfear fobhairne a bhí liom sa mbád sílim. Thiocfá ar chuisle mar sin scaití
Ghabhfainn ar farraige inniu dhá mbeadh fear fobhairne agam, ach sin é an buille. Cá'il an fear fobhairne ab fhiú dhuit a thabhairt leat den bhaile seo. Níl a leithide ann
TUILLEADH (6) ▼
Níor mhór dhuit fear fobhairne i gcónaí sna báid iomraimh anseo. Tá siad místuama. Theastódh fear ar chaon mhaide.
Bhí sé fhéin ar an teile ag gabháil an bháid agus an fear fobhairne chun tosaigh ag crapadh an tseoil chinn. Sin é an uair a tháinig an chuaifeach. Scuab sí an fear fobhairne i bhfarraige. B'fhada a chaith sé os cionn uisce i sruth na stiúrach. Chaith an fear eile ceann téide chuige, ach níor éirigh leis a tapú
Bhí mé uair ag fanacht le fear fobhairne a chuirfeadh an churach siar a chúnamh dhom, ach diabhal duine a bhí ag teacht. 'Buailfidh mé fhéin faoi,' adeirimse faoi dheireadh agus faoi dhó. 'Rinne mé cheana é gan fear fobhairne ar bith.' Ach m'anam má rinne nárbh é an lá sin é. Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agamsa agus mé leath cuain choinneoinn stuaim ar an bhfoighid, agus ní chorróinn as an áit a raibh mé. Bhí farraige ghártha ann agus an sruth i m'aghaidh
An mac atá ina fhear fobhairne anois aige. Más é fhéin, is togha bádóir é. Níl a bhualadh ann. Níl farraige dhá mhéid in ann aon scáth a chur air.
Dhá mbeadh fear fobhairne ar fónamh sa gcurach agam an lá sin, ní loicfinn. Bhí an-fharbógaí farraige ann, ach bheadh cóir againn isteach. Ba bheag an stró a bheadh ar dhá churachóir mhaithe a theacht abhaile. Maidir leis an gceann a bhí in éindí liomsa, ní raibh ann ach spogán nár cheart dó a dhul chun farraige chor ar bith
Bhí mise ag teacht aníos an Daingean lá agus chonaic an fear fobhairne a bhí agam — S. Gh. — na breilleogaí léin sin. Ba bheag nár thit sé as a sheasamh. Ba é búm an tseoil mhóir a choinnigh ar a chosa é. Ara diabhal aird ar bith a thug mise orthu!
b.
an té a mbeadh leath báid aige i bpáirt leat.
·
Cén fear fobhairne atá aige sa mbád mór nó an leis fhéin ar fad í
'Sé S. máistir na gleoiteoige. Níl P. ach ina fhear fobhairne aige. Tá mé ag ceapadh go bhfuil dhá chuid ag S. inti
2.
a.
fear freastail
·
Níl fear fobhairne ar bith ag an tuíodóir breá seo thíos, ach é ag freastal air fhéin. Shílfeá ar a laghad ar bith go ndéanfaidís na baibíní dhó, ach diabhal déanamh
b.
an té a bheadh ag cuidiú leat, ag borradh leat, ina theannadh ar do chúl agat srl.; cúl toraic, second.
+
Sé S. an fear fobhairne atá aige. Ní dhéanann sé tada gan a cheadú
'Ar ndó sé an fear fobhairne atá ag an sáirsint é. Ní dhéanann an sáirsint tada gan é a cheadú. Isteach chuige atá sé rite chuile phointe
TUILLEADH (1) ▼
Níor mhór dhuit agat d'fhear fobhairne an lá sin. Bhí do chnaipe déanta murach go ndearna sé tarrtháil ort. Mharódh na Peaitseachaí thú
c.
fear a bheadh ag tarraingt scéalta chugat, ag cur bearta ina suí dhuit (making the balls), ag maíomh leat, mar dhóigh dhe go mbeadh sé chomh ciontach leis an té a dhéanfadh an bualadh, an gníomh srl.
+
Beidh fear fobhairne ag an sagart sin i chuile bhaile nó is cinniúint air é. Nuair a bheas snaidhm ar bith air rithfidh sé go dtí iad seo go dtuga siad chuile scéala dhó. Is beag an néal ar an ógánach sin!
Sin é an fear fobhairne atá ag de Valera sna bólaí seo. Tá sé chomh dílis dó sin anois, agus diabhal aithne air nach íocaíocht a fhaigheas sé ar a shon. Do dhúshlán aon cheo a rá faoi de Valera os a chomhair. Spréachfadh sé a dheartháir mo chroí. Spréachfadh a mh'anam, agus thabharfadh sé fút garbh é
TUILLEADH (2) ▼
Coinnigh leat é sin. Sin é an fear fobhairne atá ag an mboss. Is mór a d'fhéadfadh sé sin a chur ann duit, dhá mbeadh sé leat, ach is mór a d'fhéadfadh sé a chur as duit ar an gcóir chéanna. Níl aon cheo dhá ndéarfaidh sé nach in é a dhéanfas an boss. Bíonn an bheirt ag ól in éindí chuile oíche
B'fhearr liom iarraidh go mór a fháil ar Sh. 'Sé an fear fobhairne é atá aige. Níl iamh air ach ag maíochtáil leis. Is maith glan a choinneos sé fhéin as chuile thromásc, pé acu sin é

fobhairne in iontrálacha eile (4)

 
í mé ar bhráite mhaith, dar liom fhéin, agus diabhal freagairt ina dhiaidh sin. Sílim nach bhfuil sé sonaí an C. sin a thabhairt leat ina fhear fobhairne chor ar bith. Thug mé faoi deara chuile lá dhá mbíonn sé in éindí liom, go mbíonn geis eicínt ar an iasc, go n-aithníonn siad ag teacht é
 
'Sí an chaolóid riabhach an fear fobhairne atá ag an gcuaich (éan coimhdeachta nó treoraithe nó cuidithe)
 
bannaí 1
Téadh an fear fobhairne a fheiceanns muide i gcónaí aige i mbannaí air más breá leis é anois. Ní thiocfaidh fear an tí seo i mbannaí air ar aon chor.
 
dris
'Sí Sasana an dris chosáin. Deile. Go mbuailtear Sasana, ní fheicfidh tusa aon lá suaimhnis ar fud an domhain. An bhfaca tú aon lá ariamh nach ag ullmhúchan scléipe a bheadh sí. Agus gheobhaidh sí na hamadáin ansin ar fud an domhain lena tarrtháil nuair a bheas sí i dteannta. Níl agat ach breathnú uirthi. Cé na fir fobhairne atá aici inniu …