Foighdeán
—Ainmfhocal, fireann
—
farradh nó súiteán a thabhairt faoi rud; a dhul de ruathar faoi dhuine nó faoi rud; ionnsaí de dhurta dharta.
+–
Thug sé foighdeán faoi agus chuir sé anuas d'aon-iarraidh amháin é. Is maith a chuaigh sé as nach ndearnadh dhá leith dhá cheann ar an mbóthar
Thug an bhó ghlas foighdeán faoi bhó T. Sh. agus shíl sí a cur soir thar an gclaidhe, marach gur eirigh Dia liom a bheith ann
TUILLEADH (3) ▼
Ná fágaighidh an gasúr sin le sleamchúis ar bith in aice na gcaorach tíos (níos) mó. D'ionnsuigh an reithe é inniu. Thug sé cupla foighdeán faoi, agus d'fhágfadh sé in a chuailín cnámh é, marach gur dhíbir mé soir uaidh é
Dheamhan a leagfadh sé é, nó go n-itheadh sé é, marach gur d'fhoighdeán a tháinig sé faoi. Th'éis go raibh triúr aca air, ba bheag bídeach nachar eirigh sé dhá mbuíochas aríst
Tá an bulán an-dodach leis an ngamhainín sin a ceannaíodh. Tá gacha le foighdéan aige faoi ó mhaidin: dhá bhualadh len a chloigeann. Caithfear a ndealú ó chéile. Ní dhéanfaidh siad aon-chúis mar siúd