Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
foighdeán
ainmfhocal, fireann
farra nó súiteán a thabhairt faoi rud; a dhul de ruathar faoi dhuine nó faoi rud; ionsaí de ghorta gharta.
+
Thug sé foighdeán faoi agus chuir sé anuas d'aon iarraidh amháin é. Is maith a chuaigh sé as nach ndearnadh dhá leith dhá cheann ar an mbóthar
Thug an bhó ghlas foighdeán faoi bhó T. Sh. agus shíl sí a cur soir thar an gclaí, murach gur éirigh Dia liom a bheith ann
TUILLEADH (3) ▼
Ná fágaidh an gasúr sin le sleamchúis ar bith in aice na gcaorach tíos (níos) mó. D'ionsaigh an reithe é inniu. Thug sé cupla foighdeán faoi, agus d'fhágfadh sé ina chuailín cnámh é murach gur dhíbir mé soir uaidh é
Dheamhan a leagfadh sé é nó go n-itheadh sé é, murach gur d'fhoighdeán a tháinig sé faoi. Théis go raibh triúr acu air, ba bheag bídeach nár éirigh sé dhá mbuíochas aríst
Tá an bullán an-dodach leis an ngamhainín sin a ceannaíodh. Tá gacha le foighdéan aige faoi ó mhaidin: dhá bhualadh lena chloigeann. Caithfear a ndealú ó chéile. Ní dhéanfaidh siad aon chúis mar siúd

foighdeán in iontrálacha eile (1)

 
Nuair a thug an tarbh foighdeán faoi, 'sé an balla a bhuail sé agus briseadh a dhá adhairc, idir buadán agus a raibh ann.