Foillsigh
—/fəiʟ′sə/
—Briathar
—
tugtar le teasbánadh; agruíthear; freagruítear (ar); is follasach ar an gcaoi a mbíonn duine go ndeárna sé coir nó rud as bealach cheana (níor chuala mé ar aon-bhealach eile san gcaint é, ach mar atá sé sna somplaí rómhat síos).
a.
+–
Rinne sé an choir. Is furasta aithinte anois air é, ní dhá roinnt leis é. Foillsíonn Dia rudaí mar sin = agruíonn Dia rudaí mar sin ar dhuine (san saol seo fhéin); is follasach é na rudaí a thárluíos do dhuine go raibh Dia ag ídiú nó ag fearadh a dhroch-ghníomhra air
Foillsíonn Dia an droch-ní i gcomhnaí dhá fhada go dtí é. Deir siad go bhfuil muilte Dé mall ach go meileann siad mín … Feacha an fear sin thiar. Mharuigh sé comrádaí leis ar an sliabh. Dheamhan a fhios agam ar mharuigh nós marar mharuigh — diúltaíomuid dhó — ach go raibh sé ráite leis. Nach maith a tháinig sé san saol gur thárluigh an cleas céanna dhá mhac fhéin. Thug an t-athair an eang leis. Ar an mac a hídíodh é
TUILLEADH (3) ▼
An corpadóir bradach! Sé cóir Dé é an méid sin a eireachtáil dó. Ba bheag aige fhéin dícheannadh a dhéanamh ar chréatúir bhochta. Chuir sé an bhaintreach sin thuas de dhruim tí. Chuir sé faoi ndeara di páipéar a shaighneáil dó ar a cuid talúna agus gan a fhios aice céard a bhí ann, ach gur theastuigh cupla cloch mhine uaithe l'aghaidh a háilín … Ach foillsíonn Dia an éagcóir míle glóire agus moladh leis fhéin. B'fhéidir go bhfuigheadh an cneamhaire ar a mhéis fhéin anois é, agus ní ag amhdú an oilc é, ní mór linn dó
Nar leige Dia go bhfearfadh Sé a chionnta air. Tá an rud thart anois, agus níl muid ag guidhe an oilc dó, th'éis a ndeárna sé orainn. Ach foillseóidh Dia an chréatúlacht luath nó mall
Ba deacair dóibh an t-ádh a bheith orra, go mba leó fhéin uainne é. Shíl siad go raibh siad in a rith seóil ceart críochnuithe anois. Bhí a dhá láimh timpeall ar an saol. Ach is ag Dia is fhearr a fhios. Foillsíonn Dia an chneamhaireacht agus an mí-scruball i gcomhnaí. Is fada ar an saol mé agus níl aon-lá ó tháinig cuimhne dhom nach h-amhla a fheicim é. Chuala tú an scéal faoin bhfear a chonnaic fear eile ag marú duine agus dhá chur ingan fhios. Mhionnuigh sé agus mhóidigh sé mara bhfoillsíodh Dia é, nach mbeadh aon-áird aige fhéin ar Dhia níos mó. D'fhan mar sin. Chonnaic sé go raibh an saol ag féithiú leis an té a rinne an marú … Sin é an chaoi a raibh sé. Bhí fear eile marbh cheana ag an té a maruíodh. Nach maith gur fhoillsigh Dia an choir sin!
b.
+–
Má tá Dia thuas foillseóidh Sé É fhéin ar an bhfear sin faoin anshógh a leig sé ar a athair agus ar a mháthair.
B'fhada a rith an scaibhtéaracht leis, ach d'fhoillsigh Dia É féin air san deireadh. Sé Dia an fear is fhearr in a dheidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Ná bacaighidh léithe. Leigidh di. Fágaidh ag Dia í. Foillseóidh Dia É fhéin uirre. Más mall is trom í díoltas Dé, adeir siad