foilsigh
—/fəiʟ′sə/
—briathar
—
tugtar le taispeánadh; agraítear; freagraítear (ar); is follasach ar an gcaoi a mbíonn duine go ndearna sé coir nó rud as bealach cheana. Níor chuala mé ar aon bhealach eile sa gcaint é ach mar atá sé sna samplaí romhat síos.
a.
+–
Rinne sé an choir. Is furasta a aithinte anois air é, ní dhá roinnt leis é. Foilsíonn Dia rudaí mar sin — agraíonn Dia rudaí mar sin ar dhuine (sa saol seo fhéin); is follasach é na rudaí a tharlaíos do dhuine go raibh Dia ag ídiú nó ag fearadh a dhrochghníomhra air
Foilsíonn Dia an drochní i gcónaí dhá fhada go dtí é. Deir siad go bhfuil muilte Dé mall ach go meileann siad mín … Féacha an fear sin thiar. Mharaigh sé comrádaí leis ar an sliabh. Dheamhan a fhios agam ar mharaigh nós murar mharaigh — diúltaímid dhó — ach go raibh sé ráite leis. Nach maith a tháinig sé sa saol gur tharlaigh an cleas céanna dhá mhac fhéin. Thug an t-athair an eang leis. Ar an mac a hídíodh é
TUILLEADH (3) ▼
An corpadóir bradach! 'Sé cóir Dé é an méid sin a éireachtáil dó. Ba bheag aige fhéin dícheannadh a dhéanamh ar chréatúir bhochta. Chuir sé an bhaintreach sin thuas de dhroim tí. Chuir sé faoi ndeara di páipéar a shaighneáil dó ar a cuid talúna agus gan a fhios aici céard a bhí ann ach gur theastaigh cupla cloch mhine uaithi le aghaidh a háilín … Ach foilsíonn Dia an éagóir míle glóire agus moladh leis fhéin. B'fhéidir go bhfaigheadh an cneámhaire ar a mhéis fhéin anois é, agus ní ag amhdú an oilc é, ní mór linn dó
Nár lige Dia go bhfearfadh sé a chionta air. Tá an rud thart anois, agus níl muid ag guí an oilc dó, théis a ndearna sé orainn. Ach foilseeoidh Dia an chréatúlacht luath nó mall
Ba deacair dóibh an t-ádh a bheith orthu, go mba leo fhéin uainne é. Shíl siad go raibh siad ina rith seoil ceart críochnaithe anois. Bhí a dhá láimh timpeall ar an saol. Ach is ag Dia is fhearr a fhios. Foilsíonn Dia an chneámhaireacht agus an míscrupall i gcónaí. Is fada ar an saol mé agus níl aon lá ó tháinig cuimhne dhom nach amhlaidh a fheicim é. Chuala tú an scéal faoin bhfear a chonaic fear eile ag marú duine agus dhá chur i ngan fhios. Mhionnaigh sé agus mhóidigh sé mura bhfoilsíodh Dia é nach mbeadh aon aird aige fhéin ar Dhia níos mó. D'fhan mar sin. Chonaic sé go raibh an saol ag féithiú leis an té a rinne an marú … Sin é an chaoi a raibh sé. Bhí fear eile marbh cheana ag an té a maraíodh. Nach maith gur fhoilsigh Dia an choir sin!
b.
+–
Má tá Dia thuas foilseoidh sé é fhéin ar an bhfear sin faoin anó a lig sé ar a athair agus ar a mháthair.
B'fhada a rith an scabhaitéireacht leis, ach d'fhoilsigh Dia é féin air sa deireadh. 'Sé Dia an fear is fhearr ina dhiaidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Ná bacaidh léithe. Ligidh di. Fágaidh ag Dia í. Foilseoidh Dia é fhéin uirthi. Más mall, is trom í díoltas Dé adeir siad
foilsigh in iontrálacha eile (7)
Foilseoidh Dia é fhéin ar an té a dhéanfas an éagóir. Is iomaí créatúlacht a rinne an diabhlánach sin ar dhaoine bochta, ach tá sé fhéin ag fáil cothromacan síne na huaire anois, agus dheamhan mórán cáis ag aon duine céard a gheobhas sé ach oiread.
→
críoch
Is olc an chríoch a bheas air sin fós, tús na breithe ag Mac Dé. Dheamhan duine dhá ndéanfaidh an éagóir nach bhfoilseoidh Dia é fhéin air, luath nó mall — is olc an deireadh a bheas aige sin fós (gheobha sé anbhás, bás le drochthinneas, déanfaidh sé dubhní air fhéin, tabharfaidh sé droch-chor dó fhéin, beidh an anachain ar a thí, go ngiorraí sí leis srl.), ach níl muide ag dul i mbarr a bhreithiúnas ar Dhia. Nár lige Dia go rachadh! An té a ghníos éagóir, titeann díoltas Dé air más fad gearr go dtí é.
Ar chuala tú faoin Naomh Pól? Chuala, chomh maith liomsa. Bhí tú ag éisteacht leis an sagart dhá rá. Dhiúltaigh an Naomh Pól an peaca, ainneoin nach raibh fear ar bith ba mheasa ná é roimhe sin. Ach d'fhoilsigh Dia é féin air …
→
droim
Ar chuala tú ariamh é, an rud a chruinníos duine ar dhroim an diabhail, caitheann sé ar a bholg é. Sin é a fhearacht ag J. anois é. Ní hé leathchóir Dé é go bhfuil an mac ag ól mar atá sé. Chaithfeadh Dia é féin a fhoilsiú air ar chaoi eicínt agus a liachtaí pínn cham a bhain sé amach sa siopa sin ariamh. Ní raibh aon chneámhaire gan chrochadh ach é sin. Nár chuir sé faoi ndeara do D. Bh. N. ansin thiar fiacha a íoc faoi dhó
→
díoltas
Chuala tú an scéal faoin té a chonaic an fear dhá mharú agus ar tháinig díchreideamh air faoi nár fhoilsigh Dia é féin ar an té a mharaigh é … Sin é agat é — díoltas Dé. Is fada a bhíos sé ag teacht scaití, ach níl rud ar bith chomh siúráilte leis. Mura dteaga sé ar an saol seo ar ndóigh tiocfaidh sé ar an saol eile, agus dhá dhonacht maoil is measa mullóg