Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Foirbhe: Foirbe: (Feire)
Ainmfhocal: Fireann
deirtear foirbhe, foirbe, agus is minic a thugtar feire air freisin, de bharr an dá fhocal eile a bheith ag seirgeadh b'fhéidir, agus go bhfuil feire tréan san gcaint
screamhóg, carra; sceadadh; at; borradh mar a theagas ar cháca agus é bruite, ar fhata bruineóige etc.
+
Fág thíos san ngríosach iad (fataí bruineóige) go ceann scathamh eile. Dar ndóigh níl foirbhe ar bith fós orra = an screamhóg chruadh ruadhóite sin a thagas orra i splancrachaí nó teas fútha
Tá foirbe ar an gcáca faoi. Ionntuigh ar an taobh eile é. Cuir ionnfairt eile teine faoin mbácús
TUILLEADH (2) ▼
Tá foirbe faithniúchaí (feire faithniúchaí go minic) suas uilig annsin ar dhruim a láimhe — carra, drúcht faithniúchaí
Tabhair ionú di anois go ceann nóiméide. Ní bheidh sí bruite (feoil dhá róstadh) nó go dtige foirbhe uirre = craiceann donn mar sin ón teas
·
Cuirfidh mé foirbe ar an mbaithis agad le iarraidh = léas a thógáil uirre
Céard a chuir an foirbhe sin ar do leiceann. Níl tú gearrha ach shílfeá go bhfuil an craiceann brúite mar theangódh rud eicínt leat

Féach freisin