Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
foirbe, foirbhe
ainmfhocal, fireann
deirtear foirbhe, foirbe, agus is minic a thugtar feire air freisin, de bharr an dá fhocal eile a bheith ag seargadh b'fhéidir, agus go bhfuil feire tréan sa gcaint
screamhóg, carra; sceadadh; at; borradh mar a theagas ar cháca agus é bruite, ar fhata bruithneoige srl.
+
Fág thíos sa ngríosach iad (fataí bruithneoige) go ceann scaithimh eile. Dar ndóigh níl foirbhe ar bith fós orthu — an screamhóg chruadhóite sin a thagas orthu i splancrachaí nó teas fúthu
Tá foirbe ar an gcáca faoi. Iontaigh ar an taobh eile é. Cuir únfairt eile tine faoin mbácús
TUILLEADH (2) ▼
Tá foirbe faithniúchaí (feire faithniúchaí go minic) suas uilig ansin ar dhroim a láimhe — carra, drúcht faithniúchaí
Tabhair ionú di anois go ceann nóiméide. Ní bheidh sí bruite (feoil dhá róstadh) nó go dtige foirbhe uirthi — craiceann donn mar sin ón teas
·
Cuirfidh mé foirbe ar an mbaithis agat le iarraidh — léas a thógáil uirthi
Céard a chuir an foirbhe sin ar do leiceann. Níl tú gearrtha ach shílfeá go bhfuil an craiceann brúite mar theangódh rud eicínt leat

Féach freisin