Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Foirghe, Foirighe: foiriche
Aidiacht-Bhriathar.
airghe b'fhéidir: f. sciorrhach, agus a athruithe go dtí o. Fc. foirgeach, foirgneach
1.
clúdaithe; lán le.
+
Tá sé foirghe le guiríní = clúduithe leo, é faoi ghuiríní ar fad.
Tá mo lámha foirghe le gága, le gearbaí, le nioscóideachaí etc.
TUILLEADH (3) ▼
Tá crobh a láimhe foirghe le faithniúchaí
Tá an leac siúd foirghe le báirne
Fuair mé maide farraige anuiridh. Maide breá, ach go raibh sé foirghe le giúirinneachaí
+
Tá a chloigeann faoi charra. Tá. Foirghe
Bhí sruth pislíní leis, leis an anbhá a bhí air. Diabhal mé go raibh: foirghe ar fad (é faoi phislíní ar fad)
TUILLEADH (1) ▼
Tá deatach agaibh. Tá mo choinsias: foirghe ar fad (tá an teach plúchta le deatach)
2.
ó mhaith; scriosta; sladha; creachta.
+
Tá an bhó sin foirghe leis an aois = níl aon-mhaith inte le aois
Ó a dhreáthair ó, tá mé foirghe leis an bhfuacht. An bhfaca tú a leithide d'aimsir ariamh?
TUILLEADH (3) ▼
Ná bac le na Gearmánaí bochta anois. Tá a ndíol ar a n-aire agus iad foirghe leis an ocras
Chonnaic mé sean-fhear ann, a bhí foirghe leis an aois, agus má bhí fhéin, ba é a bhí coilgneach. Dheamhan mórán araoid ar bith a chuaigh air, nuair ba mhian leis maide a chur in u (ar) mbéal
Dheamhan neach an aoin istigh ar an mbaile nach bhfuil foirghe le fliú. Bhuail sé muid tá mí ó shoin, ach m'anam go bhfuil muid ag fuasaoid aríst. Níl rud ar bith cho haiféalach leis. Mara bhfuil ag Dia déanfaidh sé creach shul má stopfas sé.
+
Tá muinntir na tíre seo maith go leor. Tá móin aca, agus nuair nach mbíonn aon-seifte eile aca, bíonn na cupla scillingín "dole" sin ann. Ach an limistéar sin ó Gh. go M. tá sé foirgthe ar fad. Níl móin ann, agus níl dole ann. Tá cíos agus airgead acraí an-trom orra. Agus diabhal an talamh é a bhfuil aon-ghaisce ann ag tabhairt chruithneacht ná "beet". = creachta
Dar diagaí tá chuile fhear dhá árdú (i bpáighe) ach go bhfoiridh Dia ar an talmhaí bocht. Tá sé foirghe ar fad
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh muid foirghe ariamh go dtí anois muis, má chuirtear an fhoghail a rinneadh annsin thiar sna "rates" orainn
·
Tá mo chois foirghe ar fad aice = bróig a bhí ag luighe air

Féach freisin

Foirghe in iontrálacha eile (8)

 
Níl garraí ar an bhfeáin agam nach bhfuil foirghe mar sin. Dheamhan uabhar i dtada ar chuma ar bith, ach i ngiosadáin. Níl ann ach an uair a bhíodh feamainn ghaineamh ag dul idir stucaí go mbíodh an talamh salach. M'anam gur sailighe go fada anois é tharéis nach bhfágtar gionnóid shalachair ann
 
Ach meastú cén chaoi a maireann a bhfuil ag iarraidh a gcodach i nGaillimh chor ar bith? Tá an baile mór foirghe anois. Foirghe ceart. Ní ghabhfá dhá choisméig nach mbeadh duine ag dilleóireacht ort. Agus iad cho spleách cho anshóiteach! Sea agus cuid aca beathaithe bláfar! 'Ar ndó is den tsonas an achainí, ach den donas a bheith dhá freagairt. M'anam an té a thiúrfadh áird orra siúd, gur ghearr gurb é mála na déirce a bheadh air fhéin!
 
Bhí maingíní agus bagáistí aige is chuile áit ar an gcarr, más amuigh ar an bhfáinneóig fhéin é. Tá mé ag ceapadh gur beag a d'fhága sé in a dhiaidh ag an teach chor ar bith agus an chaoi a raibh an carr foirghe.
 
Is beag an mhaith an tsail sin. Níl orlach bacaird folláin in a corp. Nach shin í foirghe ar fad ag giúiríní í?
 
fraigh
Tá frogh mhór de sean-chaonach ar an mballa siúd. Tá sé foirghe ar fad
 
Is deacair do dhuine ar bith a bheith slán anois ag mí-fhollántas na huaire. Tá na daoine foirghe ag báisteach agus ag casacht
 
farc
Fuair mise sail le linn an chogaidh cheana agus bhí sí foirghe le giúirinneachaí. Chuaigh mé i gcoinne láighe, agus scríob mé di iad. Dheamhan farcadh ná a dhath a bhí uirre. Bhí sí folláin
 
Tá mé ciapha ag fuachtáin atá orm. An tráth seo de bhliain i gcomhnaí a bhuaileas siad mé. Tá siad ar na cosa agus ar na lámha agam. Níl bliain ar bith nach mbím foirghe aca