Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
foirgthe
aidiacht bhriathartha
airghe b'fhéidir: f sciorrach, agus a athraithe go dtí o, fc. foirgeach, foirgneach
1.
clúdaithe; lán le.
+
Tá sé foirgthe le goiríní — clúdaithe leo, é faoi ghoiríní ar fad
Tá mo lámha foirgthe le gága, le gearbaigh, le neascóideachaí srl.
TUILLEADH (3) ▼
Tá crobh a láimhe foirgthe le faithniúchaí
Tá an leac siúd foirgthe le bairnigh
Fuair mé maide farraige anuraidh. Maide breá, ach go raibh sé foirgthe le giúirinneachaí
+
Tá a chloigeann faoi charra. Tá. Foirgthe
Bhí sruth pislíní leis, leis an anbhá a bhí air. Diabhal mé go raibh: foirgthe ar fad (é faoi phislíní ar fad)
TUILLEADH (1) ▼
Tá deatach agaibh. Tá mo choinsias: foirgthe ar fad (tá an teach plúchta le deatach)
2.
ó mhaith; scriosta; sladha; creachta.
+
Tá an bhó sin foirgthe leis an aois — níl aon mhaith inti le aois
Ó a dheartháir ó, tá mé foirgthe leis an bhfuacht. An bhfaca tú a leithide d'aimsir ariamh?
TUILLEADH (3) ▼
Ná bac le na Gearmánaigh bochta anois. Tá a ndíol ar a n-aire agus iad foirgthe leis an ocras
Chonaic mé seanfhear ann a bhí foirgthe leis an aois, agus má bhí fhéin, ba é a bhí coilgneach. Dheamhan mórán araoid ar bith a chuaigh air nuair ba mhian leis maide a chur ina (ár) mbéal
Dheamhan neach an aoin istigh ar an mbaile nach bhfuil foirgthe le fliú. Bhuail sé muid tá mí ó shin, ach m'anam go bhfuil muid ag fuasaoid aríst. Níl rud ar bith chomh haiféalach leis. Mura bhfuil ag Dia déanfaidh sé creach shul má stopfas sé.
+
Tá muintir na tíre seo maith go leor. Tá móin acu, agus nuair nach mbíonn aon seifte eile acu, bíonn na cupla scillingín dole sin ann. Ach an limistéar sin ó Gh. go M. tá sé foirgthe ar fad. Níl móin ann, agus níl dole ann. Tá cíos agus airgead acraí an-trom orthu. Agus diabhal an talamh é a bhfuil aon ghaisce ann ag tabhairt chruithneacht ná beet — creachta
Dar diagaí tá chuile fhear dhá ardú (i bpáí) ach go bhfóire Dia ar an talmhaí bocht. Tá sé foirgthe ar fad
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh muid foirgthe ariamh go dtí anois muis, má chuirtear an fhoghail a rinneadh ansin thiar sna rates orainn
·
Tá mo chois foirgthe ar fad aici — bróig a bhí ag luí air

Féach freisin

foirgthe in iontrálacha eile (12)

 
Níl garraí ar an bhfeadhain agam nach bhfuil foirgthe mar sin. Dheamhan uabhar i dtada ar chuma ar bith ach i ngeosadáin. Níl ann ach nuair a bhíodh feamainn ghaineamh ag dul idir stucaí go mbíodh an talamh salach. M'anam gur sailí go fada anois é thar éis nach bhfágtar gionnóid shalachair ann
 
Ach meas tú cén chaoi a maireann a bhfuil ag iarraidh a gcodach i nGaillimh chor ar bith? Tá an baile mór foirgthe anois. Foirgthe ceart. Ní ghabhfá dhá choisméig nach mbeadh duine ag dilleoireacht ort. Agus iad chomh spleách chomh anóiteach! Sea agus cuid acu beathaithe bláfar! Ar ndóigh is den tsonas an achainí, ach den donas a bheith dhá freagairt. M'anam an té a thabharfadh aird orthu siúd gur ghearr gurb é mála na déirce a bheadh air fhéin!
 
Bhí maingíní agus bagáistí aige i chuile áit ar an gcarr, más amuigh ar an bhfáinneoig fhéin é. Tá mé ag ceapadh gur beag a d'fhága sé ina dhiaidh ag an teach chor ar bith agus an chaoi a raibh an carr foirgthe.
 
coirt
Tá a mhullach foirgthe le gearbógaí, agus iad ina gcoirt thirim fré chéile.
 
bunán
Tá a dhá chois foirgthe le bunáin — brata le bunáin, nó tá bunáin orthub as éadan
 
Is beag an mhaith an tsail sin. Níl orlach bacairt folláin ina corp. Nach in í foirgthe ar fad ag giúiríní í?
 
fraigh
Tá fraigh mhór de seanchaonach ar an mballa siúd. Tá sé foirgthe ar fad
 
Is deacair do dhuine ar bith a bheith slán anois ag mífhollántas na huaire. Tá na daoine foirgthe ag báisteach agus ag casacht
 
farc
Fuair mise sail le linn an chogaidh cheana agus bhí sí foirgthe le giúirinneachaí. Chuaigh mé i gcoinne láí agus scríob mé di iad. Dheamhan farcadh ná a dhath a bhí uirthi. Bhí sí folláin
 
Tá mé ciaptha ag fuachtáin atá orm. An tráth seo de bhliain i gcónaí a bhuaileas siad mé. Tá siad ar na cosa agus ar na lámha agam. Níl bliain ar bith nach mbím foirgthe acu
 
An bhfaca tú aon áit ariamh atá foirgthe le diúilicíní nach (ach) na carraigreachaí sin thoir ag bun na habhann. Tá agus Carraig an tS. brataithe leo freisin. Agus cuid de na ceanna atá ann, tá siad san an-mhéid. Tá diúilicíní abhus ar Charraig an tS. agus ní fiú tada iad le aghaidh baoite: tá siad róbheag, ach an-bhaoite go deo na daigéid atá thoir
 
Éadáil gan aon tairbhe a tháinig ar an gcogadh seo. Bhí sí ar fad farctha ag giúirinneachaí. Fuair mé dhá bhairille, agus chomh luath agus a rug mé orthu, níor fhan canta ná éadan iontu nár thit ó chéile. Bhí siad foirgthe le na giúirinneachaí amach is amach