Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fuinín: Fúinín
Ainmfhocal, Fireann
deirtear fuinín, fuithnín, agus fúinín
a.
seamaide, ribe, sop, dlaoi.
+
Níl fúinín gruaige (fuinín, agus fuithnín) ar mo cheann. Is gearr go mbeidh mé in mo "cloigeann gealaí" (plait ar fad)
An áit a raibh an claimhe sin, níor fhan an fúinín fhéin fíonnaigh uirre. Is deacair a rádh nach mba droch-éadáil é
TUILLEADH (2) ▼
Bhearr mé na cearca inniu. Níor fhága mé fúinín amach ón dúid orra. Bhí siad ag dul i bhfoghail ar T. Mh. san ngarraí sin amuigh
Más ag faire ar an dá mholt siúd atá sib l'aghaidh ábhar báiníní, beidh sib dhá uireasa. Dheamhan fuinín orra, cés moite dhá dhath ar éigin goin-olann. Nach bhfuair siad bearradh Samhna
+
Níl fuinín féir ar an talamh fós, thréis go bhfuil an Márta bunáite amuigh = sop, seamaide
Níl fúinín ar na garrantaí sin suas anois nach bhfuil crínnte aca. Leigighidh amach 'un criathraigh anois iad, agus bainidís beatha as a gcrága
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan fuinín féir ag gabhail leis le caitheamh ag bó ná ag gamhain, agus rómhat amach a theastós an farae. 'Ar ndú níl tada den gheimhreadh tharainn fós
+
Tá na cladaigh sin thíos anois cho gealta le croí do bhoise. Ní bhfuightheá bord feamainne istigh ar an roinn se'aghainne anois, dhá gcaitheá do bhliain dhá baint. Roimhe seo, d'fheicinnse feamainn dubh in a sraith aníos go dtí bun na dúrlinne, ach dhá gcuirtheá do shúile ar bhior anois, ní fheicfeá fúinín ann. Chreidim go bhfuil an smál céanna ag tiacht ar an gcladach agus atá ar an saol
Bhíodh an baile seo faoi ainleoig ar fad roimhe seo, ach dheamhan fuinín di anois ann
TUILLEADH (2) ▼
Ní bheadh a fhios agad cén chiall a mbíonn cur cho glan sin aige. Ní fheicfeá fuinín salachair in aon-ghort ag gabhail leis
Níor fhága an feothan mór siúd anuiridh fuinín ar an teach aige. Nocht sí isteach go caolach é = a dhath tuí dhín
b.
ceó ar bith, a dhath, tada.
+
Níl fúinín de cheo ar bith agam = féar, tuí, beatha ar bith, tobac, éadach, nó rud mar sin
Níl fuinín éadaí aige le cur ar a chraiceann
TUILLEADH (2) ▼
Dheamhan fúinín den léine seo indiaidh a chéile. Ní cheal muise nach gearr ó d'íoc mé mo shé déag go daor docharach uirre
Ara diabhal fuinín éadaigh (falach) a bhí uirre siúd. Ba chuibhiúla di go mór imeacht in a craiceann ná an chaoi a raibh sí!
+
Níor fhága sé fuinín den leitir nar stróic sé
Níl fuinín gabáiste ar m'fháltas. Cá bhfuighinn í?
TUILLEADH (2) ▼
Tá sí (bád) in a crann. Níl fuinín seoil thuas aice = tada
Chuartaigh mé an baile ó sháil go rinn ach dheamhan fuinín tobac istigh ar a chorp.

Féach freisin

Fuinín in iontrálacha eile (2)

 
Ní fhágfadh sé fuinín gruaige ar mo cheann gan strachailt dhó (dhe) marach gur baineadh as greim é
 
Folt féasóg ná fíonnach níl air anocht. Bhearr sé an fíonnach cho maith le rud ar bith eile. Tá a mhullach cho geal le calóig ru. Lom sé isteach go grinneal é. An fuinín fhéin níor fhága sé air fhéin