—
a.
seamaide, ribe, sop, dlaoi.
+–
Níl foithnín gruaige ar mo cheann. Is gearr go mbeidh mé in mo cloigeann gealaí (plait ar fad)
An áit a raibh an claimhe sin, níor fhan an foithnín fhéin fíonnaigh uirthi. Is deacair a rá nach mba drochéadáil é
TUILLEADH (2) ▼
Bhearr mé na cearca inniu. Níor fhága mé foithnín amach ón dúid orthu. Bhí siad ag dul i bhfoghail ar T. Mh. sa ngarraí sin amuigh
Más ag faire ar an dá mholt siúd atá sibh le aghaidh ábhar báiníní, beidh sibh dhá uireasa. Dheamhan foithnín orthu, cé is moite dhá dhath ar éigean goin-olann. Nach bhfuair siad bearradh Samhna
+–
Níl foithnín féir ar an talamh fós, thréis go bhfuil an Márta bunáite amuigh — sop, seamaide
Níl foithnín ar na garrantaí sin suas anois nach bhfuil crinnte acu. Ligidh amach chun criathraigh anois iad agus bainidís beatha as a gcrága
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan foithnín féir ag gabháil leis le caitheamh ag bó ná ag gamhain, agus romhat amach a theastós an farae. Ar ndóigh níl tada den gheimhreadh tharainn fós
+–
Tá na cladaí sin thíos anois chomh gealta le croí do bhoise. Ní bhfaightheá bord feamainne istigh ar an roinn s'againne anois, dhá gcaithfeá do bhliain dhá baint. Roimhe seo, d'fheicinnse feamainn dubh ina sraith aníos go dtí bun na duirlinge, ach dhá gcuirtheá do shúile ar bhior anois, ní fheicfeá foithnín ann. Chreidim go bhfuil an smál céanna ag teacht ar an gcladach agus atá ar an saol
Bhíodh an baile seo faoi ainleoig ar fad roimhe seo ach dheamhan foithnín di anois ann
TUILLEADH (2) ▼
Ní bheadh a fhios agat cén chiall a mbíonn cur chomh glan sin aige. Ní fheicfeá foithnín salachair in aon ghort ag gabháil leis
Níor fhága an feothan mór siúd anuraidh foithnín ar an teach aige. Nocht sí isteach go caolach é — a dhath tuí dhín
b.
ceo ar bith, a dhath, tada.
+–
Níl foithnín de cheo ar bith agam — féar, tuí, beatha ar bith, tobac, éadach, nó rud mar sin
Níl foithnín éadaí aige le cur ar a chraiceann
TUILLEADH (2) ▼
Dheamhan foithnín den léine seo i ndiaidh a chéile. Ní cheal muise nach gearr ó d'íoc mé mo shé déag go daor dochrach uirthi
Ara diabhal foithnín éadaigh (folach) a bhí uirthi siúd. Ba chuibhiúla di go mór imeacht ina craiceann ná an chaoi a raibh sí!
+–
Níor fhága sé foithnín den litir nár stróic sé
Níl foithnín gabáiste ar m'fháltas. Cá bhfaighinn í?
TUILLEADH (2) ▼
Tá sí (bád) ina crann. Níl foithnín seoil thuas aici — tada
Chuartaigh mé an baile ó sháil go rinn ach dheamhan foithnín tobac istigh ar a chorp.
Féach freisin
→
fúinín
foithnín in iontrálacha eile (5)
→
fág ar
Ní fhágfadh sé foithnín gruaige ar mo cheann gan streachailt dhó (dhe) murach gur baineadh as greim é
+
→
fíonnach
Níl foithnín fíonnaigh ar bhrollach Sheáin
TUILLEADH (1) ▼
Folt féasóg ná fíonnach níl air anocht. Bhearr sé an fíonnach chomh maith le rud ar bith eile. Tá a mhullach chomh geal le calóig ru. Lom sé isteach go grinneall é. An foithnín fhéin níor fhága sé air fhéin
→
forleac
Tá go leor fuarleacrachaí ansin amach idir an salach agus an glan agus níl foithnín feamainne orthu. Ar ndóigh i mbéal an chladaigh s'againne a chasfaí iad!
→
daor 3
Ach a bhfaighe mise greim ar an droinníneach asail sin aríst, tabharfaidh mise luach a chuid bóithreoireachta dó. Coinneoidh mé seachtain ar stábla é gan greim, deoch ná blogam, agus ansin tabharfaidh mé amach é sa ngarraí is crinnte ag gabháil liom, agus gheobhaidh mé rópa rua, agus cuirfidh mé ceangal na naoi ndaora air go gcoinneoidh a smut seanchas leis an gcréafóig. M'anam gur leis an gcréafóig a choinneos sé é, mar go gcuirfidh mise i ngarraí é nach mbeidh aon fhoithnín féir de bhia na talúna ann