Fuithín
—Ainm-fhocal, Firinscneach.
—
cruachín bheag shuite choirce fhéir nó mhóna, nó gróigín beag móna
+–
Tá fuithín déanta aige seo thuas = sumad nó sumadán nó cruachín bheag arúir; staicín bheag de chruaich; is minic gur amuigh sna goirt a dhéantar a leithide; cruachín nó guigín móna nó coca féir freisin
Dhíol sé a raibh de mhóin ag gabhail leis. Níl aige anois l'aghaidh na teine ach an dá fhuithín úd.
TUILLEADH (3) ▼
Droch-rath uirre agad nach ndearna cruach bhreá shlachtar, thar agus an fuithín salach sin
Tá dhá chruaich bhreá ar iothlainn aige agus fuithín eile amuigh
Mo chreach muise an poll fataí atá clúduithe aige sin. Tá: fuithín beag agus gan dhá bhruineoig ann. Is cuma leis san diabhal é ach an comhaireamh a bheith aige