foithín
—ainmfhocal, firinscneach.
—
cruachín bheag shuite choirce fhéir nó mhóna, nó gróigín beag móna
+–
Tá foithín déanta aige seo thuas — somad nó somadán nó cruachín bheag arbhair; staicín bheag de chruaich; is minic gur amuigh sna goirt a dhéantar a leithide; cruachín nó goigín móna nó coca féir freisin
Dhíol sé a raibh de mhóin ag gabháil leis. Níl aige anois le aghaidh na tine ach an dá fhoithín úd.
TUILLEADH (3) ▼
Drochrath uirthi agat nach ndearna cruach bhreá shlachtmhar, thar is an foithín salach sin
Tá dhá chruaich bhreá ar iothlainn aige agus foithín eile amuigh
Mo chreach muise an poll fataí atá clúdaithe aige sin. Tá: foithín beag agus gan dhá bhruithneoig ann. Is cuma leis sa diabhal é ach an comhaireamh a bheith aige