Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Folach
/foləx/
mála suite, leathan as a thóin agus cairithe amach go maith, ach gan aon-airde mhór ann. Is i bhfolaigh (folachaí, freisin) a chuirtear carraigín. Tugtar amantaí ar mhálaí móra arúir é, ach ní bhaineann sé leo ó cheart.
+
Ní mór dhaoib cupla folach a fháil l'aghaidh an charraigín siúd. Tá sé gealta anois, nó mara bhfuil, tá sé sách fada ag tuaradh ar chaoi ar bith.
Dheamhan mála ag gabhail liom ach folachín. Ceannaíodh cupla mála anuiridh, ach níl snáth dhíobh indiaidh a chéile anois. Chuaigh siad síos san dá theach sin thíos, agus chuir siad sin a gcaoi fhéin orra
TUILLEADH (2) ▼
Is daor an ailím folach féin a cheannacht anois ní áirím mála. Deir siad go bhfuil málaí dhá ndíol inGaillimh ar thrí agus sé pínne
Tá an teirgéis. Sin é a bhfuil agam. Cupla folachín gágach. Ná bac le mo chuid olla-sa anois. Níl a leithide agam.

Féach freisin

Folach in iontrálacha eile (7)

 
Sé'n áit a raibh an folach (mála mór arbhair nó eile) aige thiar ar a cairthín, i leaba é bheith faoi na druím. 'mbeadh maith ar bith a bheith cainnt!
 
Sa mbéalóigín atá sa gcrích dhriseachaí a chuaidh mé i bhfolach air.
 
dearg 1
Chuaigh sé ag cur ceaig poitín i bhfolach agus meastú nach hé an taobh dearg den scraith a d'fhága sé leis. Is deacair a bheith ag iarraidh maitheasa air sin, déarfá
 
Bhrath na póilíos an deatach. Ní féidir an deatach a chur i bhfolach. Sin é an buille. 'Sé an deatach i gcomhnaí a ghníos spiadóireacht ar fhear an phoitín
 
drad
Bhí cheithre fholach aice annsiúd ag dul thar drad le coirce. Ba dhalba an lear a bhí uirre
 
Is gearr an t-achar é as seo go B. Chuaidh mé síos leis an gcarr ann. Cheannuigh mé trí folaigh coirce le' aghaidh síl. Thiubharfá an leabhar go mbadh é an chéad-scoth é, agus badh é freisin. Ach lá dubh-fhliuch a bhí ann agus mé ag teacht abhaile leis 'sa gcarr. Faoi cheann trí nó ceathair de laetheantaí, bhreathnuigh mé air agus gan fios rúin ná soiscéil agam. Nár fhágaidh mé seo mara raibh sé 'tosuighe ag dreoghchan. Fhobair go gcaillfí mé leis an gcantal
 
Dhá bhfanadh sé sin go dtagadh an duilleabhar ar an gcrann, diabhal mé go bhféadfadh sé a dhul i bhfolach thuas igcrann agus nach bhfeicfí choidhchin é