—
ag clúdú; ag ceilt; ag cur ó léargas; ag cur idtaisce.
a.
+–
D'fhaluigh a brat seacht nacraí = chlúduigh sé seacht n-acraí; bhí seacht n-acraí faoi (brat Bhríde)
Falóidh sé an garraí siúd le feamainn anois, ach dheamhan a gcocfaidh sé go brách í. Sin é a níos sé leis an bhfeamainn Bhealtaine chuile bhliain. Dhá mbeadh maith i leasú, tá an garraí sin sách leasuithe aige
TUILLEADH (5) ▼
Tá druim an Bh. ar fad faluithe le móin aige. Diabhal a leithide de láithreachán! Choinneódh a bhfuil annsiúd móin le Baile Átha Cliath
Tháinig sé isteach thar éis an aonaigh, agus d'fhaluigh sé an bord le nútaí (nótaí) puint. Dhá mbeadh fear ann a bheadh sách luathlámhach b'fhurasta dhó luach an óil a bheith aige, arae ní aireódh sé cupla ceann aige ná uaidh!
Tá sé ag falach na sráide uilig le gaineamh = dá clúdú
Níor mhór dhuit an sean-leasú sin anois a fhalach le ceobáinín beag aoiligh. Dhéanfadh sin thú! An uair a bhí an garraí sin curha faoi dheireadh bhí a dhá dhóthain leasuithe air
Ní chomhnóidh sé go bhfaluighe sé Currach an Chladaigh le carraigín (scarha amach le tuaradh). Diabhal mé muise má bhíonn "leoraí" fhéin aige dhe, nach mórán balachtála dhó é sin, nuair a bhéas sé gealta agus traoite
b.
+–
Faluigh fútha! = deirtear le duine é a bhíos ag roinnt chártaí, má choinníonn sé aghaidh na gcártaí cho hárduithe, agus gur léar do gach duine cé na cártaí atá gach imreóir eile a fháil; coinnigh a n-aghaidh síos (deirtear "bailigh fútha" scaití, ach níl ann ach mí-thuiscint ar "faluigh")
Faluigh fútha. Tá súil gabha indiaidh táirne aige seo thall ar gach cárta dá bhfuil ag dul amach
TUILLEADH (2) ▼
Breagh nach bhfalaíonn tú fútha. Is léar do chuile dhuine cártaí a chéile. Dhá mbeadh imreóirí géara ann, mar bhíos in áiteachaí, chuirfí as do roinnt thú ar an toirt. Ba é a dhéanamh leat é freisin
Tá a fhios agam go bhfuil an cíonán ionta seo gan a n-ionntú chor ar bith. Chonnaic mé ag teacht chugam san déanamh é nuair nar fhaluigh tú fútha