—
ag clúdú; ag ceilt; ag cur ó léargas; ag cur i dtaisce.
a.
+–
D'fholaigh a brat seacht n-acraí — chlúdaigh sé seacht n-acraí; bhí seacht n-acraí faoi (brat Bhríde)
Folóidh sé an garraí siúd le feamainn anois, ach dheamhan a gcocfaidh sé go brách í. Sin é a níos sé leis an bhfeamainn Bhealtaine chuile bhliain. Dhá mbeadh maith i leasú, tá an garraí sin sách leasaithe aige
TUILLEADH (5) ▼
Tá droim an Bh. ar fad folaithe le móin aige. Diabhal a leithide de láithreachán! Choinneodh a bhfuil ansiúd móin le Baile Átha Cliath
Tháinig sé isteach thar éis an aonaigh, agus d'fholaigh sé an bord le nútaí (nótaí) puint. Dhá mbeadh fear ann a bheadh sách luathlámhach b'fhurasta dhó luach an óil a bheith aige, arae ní aireodh sé cupla ceann aige ná uaidh!
Tá sé ag folach na sráide uilig le gaineamh — dá clúdú
Níor mhór dhuit an seanleasú sin anois a fholach le ceobáinín beag aoiligh. Dhéanfadh sin thú! Nuair a bhí an garraí sin curtha faoi dheireadh bhí a dhá dhóthain leasaithe air
Ní chónóidh sé go bhfolaí sé Curach an Chladaigh le carraigín (scartha amach le tuaradh). Diabhal mé muise má bhíonn leoraí fhéin aige dhe, nach mórán balachtála dhó é sin nuair a bheas sé gealta agus traoite
b.
+–
Folaigh fúthu! — deirtear le duine é a bhíos ag roinnt chártaí, má choinníonn sé aghaidh na gcártaí chomh hardaithe agus gur léir do gach duine cé na cártaí atá gach imreoir eile a fháil; coinnigh a n-aghaidh síos (deirtear "bailigh fúthu" scaití, ach níl ann ach míthuiscint ar "folaigh")
Folaigh fúthu. Tá súil gabha i ndiaidh tairne aige seo thall ar gach cárta dá bhfuil ag dul amach
TUILLEADH (2) ▼
Breá nach bhfolaíonn tú fúthu. Is léir do chuile dhuine cártaí a chéile. Dhá mbeadh imreoirí géara ann, mar a bhíos in áiteachaí, chuirfí as do roinnt thú ar an toirt. Ba é a dhéanamh leat é freisin
Tá a fhios agam go bhfuil an cíonán iontu seo gan a n-iontú chor ar bith. Chonaic mé ag teacht chugam sa déanamh é nuair nár fholaigh tú fúthu
folaigh in iontrálacha eile (3)
→
bealach
Dhá mbeadh a fhios aige go raibh an bealach sin léithe, is dóigh nach bpósfadh sé í. Ach deir siad go bhfolaíonn grá gráin.
Níl rud ar bith a bhfuil an oiread deachmaíocht ann leis an móin ina dhiaidh sin. An bhfeiceann tú a dtéann amú dhi dhá cruachadh? Cár fhága tú an líonadh ar an lorry ansin agus an folú aríst, agus athlíonadh agus b'fhéidir an tríú líonadh. Bíonn sí mionnaithe go maith ach a mbíonn sí i mBaile Átha Cliath ar chaoi ar bith
→
dreoigh
Is gearr an t-achar é as seo go B. Chuaigh mé síos leis an gcarr ann. Cheannaigh mé trí folaigh coirce le aghaidh síl. Thabharfá an leabhar go mba é an chéad scoth é, agus ba é freisin. Ach lá dubhfhliuch a bhí ann agus mé ag teacht abhaile leis sa gcarr. Faoi cheann trí nó ceathair de laethantaí, bhreathnaigh mé air agus gan fios rúin ná soiscéil agam. Nár fhága mé seo mura raibh sé ag tosaí ag dreochan. Fhóbair go gcaillfí mé leis an gcantal