Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Falmhuigh
/falə/; /falīm′/ etc.
Briathar
Fuaim falmhuithe: /falīm′/, /fal′īm′/; /falī/, /fal′ī/ etc. m maon i gcomhnaí
an téagar, an éadáil, an earradh nó an rud a bheadh istigh i soitheach, i mála etc. a bhaint as amach nó nach mbeadh tada fágha ann.
+
Falmhuigh an mála (an tubán, an cró, an cliabh, an ghloine, an garraí etc.)
Tá an garraí falmhuithe go maith anois = an rud a bheitheá a thabhairt as, a bheith tugha as (fataí, torthaí, clocha, agus rl.)
TUILLEADH (5) ▼
Falmhaíodh an cladach d'fheamainn an tseachtain seo caite
Tá an siopa falmhuithe as tobac = níl aon tobac fágha ann
Tá an baile falmhuithe go maith asta (as fataí, caoirigh etc.) anois
Ní raibh an áit cho falmhuithe le fada. Dheamhan an gráinne féin tobac le fáil
Falmhuigh an ceitil = an t-uisce atá ann a scárdadh amach as