Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
folmhaigh
/falə/, /falīm′/ srl.
briathar
fuaim folmhaithe: /falīm′/, /fal′īm′/; /falī/, /fal′ī/ srl.; m maon i gcónaí
an téagar, an éadáil, an earra nó an rud a bheadh istigh i soitheach, i mála srl. a bhaint as amach nó nach mbeadh tada fágtha ann.
+
Folmhaigh an mála (an tobán, an cró, an cliabh, an ghloine, an garraí srl.)
Tá an garraí folmhaithe go maith anois — an rud a bheifeá a thabhairt as a bheith tugtha as (fataí, torthaí, clocha, srl.)
TUILLEADH (5) ▼
Folmhaíodh an cladach d'fheamainn an tseachtain seo caite
Tá an siopa folmhaithe as tobac — níl aon tobac fágtha ann
Tá an baile folmhaithe go maith astu (as fataí, caoirigh srl.) anois
Ní raibh an áit chomh folmhaithe le fada. Dheamhan an gráinne féin tobac le fáil
Folmhaigh an citil — an t-uisce atá ann a scairdeadh amach as

folmhaigh in iontrálacha eile (3)

 
Thiocfainn ag ól as linn mhúnlaigh an tráth céanna arae bhí an tart céatach orm. D'fholmhaigh mé an ceaintín d'aon iarraidh amháin.
 
diúg
Nach deas uaithi gailleog fuisce a dhiúgadh! Bí ag faire uirthi go bhfeice tú an chaoi a mblaisfidh sí di agus a mbainfidh sí braon aisti. Shílfeá gur tsiocair bháis di chuile bhlogam, ach dar fia, ní ligfidh sí uaithi í go bhfolmhaí sí í ina dhiaidh sin
 
Fuair mé fags agus ní den díogha a bhfuair mé ach oiread. Breathnaigh orthu sin. Togha an Gold Hake amach thar chuntar T. J. Dúirt mé leis nach nglacfainn na Poncánaigh; go raibh siad ródhaor, agus ar aon chor nach raibh siad ag taitneachtáil liom. Chuir sé a láimh isteach faoin gcuntar. ''Sé an bosca deireanach déanach é,' adeir sé. 'Tá mé do m'fholmhú féin. Ná caintigh le aon duine gur uaimse a fuair tú iad, nó sceanfadh ar eitigh mé ó thráthnóna mé'