Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Folt
Ainmfhocal, fireann
gruaig fhada; muince; fíonnach; glib; claimhreach.
+
B'fhearr dhuit mé a bhearradh. Tá folt orm. Fásann gruaig an-trom ormsa
Bíonn folt i gcomhnaí air. Chreidim gurb shin í an ghalántacht
TUILLEADH (8) ▼
Shílfeá nach scaoilfeá suas folt cho trom sin. Tá tú as do shlacht ar fad aice
Ar a bhrollach atá an folt ar chaoi ar bith. Dhéanfadh na cearca nead ann = claimhreach fhíonnaigh
Shílfeá gur brath atá agad folt a leigean suas bail ó Dhia ort
Ní beitheach fíneáilte í siúd. Nach bhfuil folt uirre
Tá folt ar an gcapall sin againne faoin a glúine. Ní fhaca mé a leithide de ghlib le fada
Níl liobar foilt ná craicinn air de bharr na ndriseachaí
Níor fhan liobar foilt ná fíonnaigh air. Thuit sé ar fad dó
"Folt gruaige agus go scuabfadh na gleannta fraoigh: sé mo thruagh ghéar nar luadhadh liom i gcleamhnas í" (amhrán Róisín Dubh)

Folt in iontrálacha eile (7)

+
Níor fhága sé liobar foilt ná craicinn orm gan stróiceadh.
TUILLEADH (1) ▼
Níor fhága sé liobar foilt ná fíonnaigh síos go dtín a mhása air
 
Ní mór dhom a' folt seo bhaint anuas go goirid = mo chuid gruaige a bhearradh.
 
Tá folt air agus í cho feamainneach len a bhfaca tú ariamh
+
Dheamhan liobar foilt ná fíonnaigh a d'fhan air le linn an fhiabhrais
TUILLEADH (1) ▼
Folt féasóg ná fíonnach níl air anocht. Bhearr sé an fíonnach cho maith le rud ar bith eile. Tá a mhullach cho geal le calóig ru. Lom sé isteach go grinneal é. An fuinín fhéin níor fhága sé air fhéin
 
folc
Tá a chloigeann folcha go maith anois ag an bhfolt atá air = an-chloigeann gruaige air