Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
folt
ainmfhocal, fireann
gruaig fhada; muince; fíonnach; glib; cluimhreach.
+
B'fhearr dhuit mé a bhearradh. Tá folt orm. Fásann gruaig an-trom ormsa
Bíonn folt i gcónaí air. Chreidim gurb in í an ghalántacht
TUILLEADH (8) ▼
Shílfeá nach scaoilfeá suas folt chomh trom sin. Tá tú as do shlacht ar fad aici
Ar a bhrollach atá an folt ar chaoi ar bith. Dhéanfadh na cearca nead ann — cluimhreach fhíonnaigh
Shílfeá gur brath atá agat folt a ligean suas bail ó Dhia ort
Ní beathach fíneáilte í siúd. Nach bhfuil folt uirthi
Tá folt ar an gcapall sin againne faoina glúine. Ní fhaca mé a leithide de ghlib le fada
Níl liobar foilt ná craicinn air de bharr na ndriseachaí
Níor fhan liobar foilt ná fíonnaigh air. Thit sé ar fad dó
"Folt gruaige agus go scuabfadh na gleannta fraoigh: sé mo thrua ghéar nár luadh liom i gcleamhnas í" (amhrán Róisín Dubh)

folt in iontrálacha eile (8)

+
Níor fhága sé liobar foilt ná craicinn orm gan stróiceadh.
TUILLEADH (1) ▼
Níor fhága sé liobar foilt ná fíonnaigh síos go dtína mhása air
 
Ní mór dhom an folt seo a bhaint anuas go gairid — mo chuid gruaige a bhearradh
 
Tá folt air agus í chomh feamainneach lena bhfaca tú ariamh
+
Dheamhan liobar foilt ná fíonnaigh a d'fhan air le linn an fhiabhrais
TUILLEADH (1) ▼
Folt féasóg ná fíonnach níl air anocht. Bhearr sé an fíonnach chomh maith le rud ar bith eile. Tá a mhullach chomh geal le calóig ru. Lom sé isteach go grinneall é. An foithnín fhéin níor fhága sé air fhéin
 
folc
Tá a chloigeann folctha go maith anois ag an bhfolt atá air — an-chloigeann gruaige air
 
Ribe nó liobar foilt as rioball an mhadaidh a leigheasfadh an dúchas