Fonnadóir
—Ainmfhocal; Fireann
—i Rosmuc, Camas agus sna bólaí sin is mó atá "fonnadóir", "fonnadóireacht" le cloisteáil. Is beag a chloistear é aniar faoi Chois Fharraige go háirid Cois Fharraige soir.
—
amhránach, ceóltóir.
+–
Is togha fonnadóir é = togha amhránaigh
Bhíodh fonnadóirí thar cionn ar an mB. roimhe seo, ach sílim gur beag aca atá anois ann
TUILLEADH (1) ▼
Is breá an fonnadóir é. Ní iarrfá go deó ach ag éisteacht leis ag rádh an "Droighneán Donn"