Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fonnadóir
ainmfhocal, fireann
i Ros Muc, Camas agus sna bólaí sin is mó atá fonnadóir, fonnadóireacht le cloisteáil. Is beag a chloistear é aniar faoi Chois Fharraige go háirid Cois Fharraige soir.
amhránach, ceoltóir.
+
Is togha fonnadóir é — togha amhránaí
Bhíodh fonnadóirí thar cionn ar an mB. roimhe seo, ach sílim gur beag acu atá anois ann
TUILLEADH (1) ▼
Is breá an fonnadóir é. Ní iarrfá go deo ach ag éisteacht leis ag rá an Draighneán Donn

Féach freisin

fonnadóir in iontrálacha eile (1)

 
B'iontach an fonnadóir í Bríd, go ndéana Dia trócaire uirthi — ba amhránaí maith í