Funóid, Fanóid
—/fṳnōd′/
—ainmfhocal buineann
—
magadh (is measa agus is gearbalaí de mhagadh é ná fachnaoid); caint ghreamannach; magadh míchéatach; nathaíocht; deaghchaint; greann géar.
+–
Bíonn tú i gcomhnaí ag funóid fúm. Nach breá nach leigfeá dhom uair eicínt
Leig de do chuid funóide liom anois. Tá mo cheart le déanamh agamsa thar agus mná a bheith ag cur imní orm
TUILLEADH (2) ▼
Diabhal a leithide d'fhunóid a chuala tú ariamh agus a rinne sé faoi, ingeall's go ndeachaidh P. bocht soir ag pramsáil dhamsa ar na leacrachaí. Níl a fhios agam an mbeadh aon-acmhainn aige fhéin dhá dtosuighthí ag funóid faoi
Tá funóid ar a aire anois sílim, ó a buaileadh síos é. Tá a chuid bainne slainte ólta. Ní chuirfidh sé an chois siúd faoi len a ló. Nach bhfuil sí seacáilte ar fad, agus an fhuil cruinnithe in a carcair taobh thuas dhá ghlúin