Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fonóid
/fṳnōd′/
ainmfhocal, baineann
magadh (is measa agus is gearblaí de mhagadh é ná fachnaoid); caint ghreamannach; magadh míchéatach; nathaíocht; dea-chaint; greann géar.
+
Bíonn tú i gcónaí ag fonóid fúm. Nach breá nach ligfeá dhom uair eicínt
Lig de do chuid fonóide liom anois. Tá mo cheart le déanamh agamsa thar is mná a bheith ag cur imní orm
TUILLEADH (2) ▼
Diabhal a leithide d’fhonóid a chuala tú ariamh agus a rinne sé faoi, i ngeall is go ndeachaigh P. bocht soir ag pramsáil dhamhsa ar na leacrachaí. Níl a fhios agam an mbeadh aon acmhainn aige fhéin dhá dtosaítí ag fonóid faoi
Tá fonóid ar a aire anois sílim ó buaileadh síos é. Tá a chuid bainne sláinte ólta. Ní chuirfidh sé an chois siúd faoi lena ló. Nach bhfuil sí seacáilte ar fad agus an fhuil cruinnithe ina carcair taobh thuas dhá ghlúin

Féach freisin

fonóid in iontrálacha eile (1)

 
Nach ag fonóid agus ag fachnaoid faoi dhaoine a chaitheas sé a shaol. Ach diabhal dochar ann ach an méid sin nathaíochta. Duine an-oibleagáideach é