Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
For-ainm
fuar-ainm an fhuaim. forainmfuar ainm, fuar-chraiceann = for-chraiceann, fuar-allus = for-allus, adeirtear i gConamara
leasainm a thiúrfaí ar dhuine de bharr tréith cholna nó méine, nó seilbh nó áit chomhnaí nó a leithideathrú ar a ainm nó ar a shloinneadh; leas-ainm. Ainm aithiseach go h-iondamhail é an leas-ainm nó as aithis, as greann nó as tarcuisne a tugtar ar dhuine é. Le tréith nó cáilidheacht shonntasach eicínt sa duine nó ar mhaith le idir-dhealú a dhéanamh idir é agus daoine eile nó a shamhail, a tugtar forainm ar dhuine i.e. Seán Ruadh, Micil Crosach, Páidín na Bolgaighe, Liam Dall, Nell Gheanncach, Peadar na h-Aille, Murrchadha Flaisc, Brighdín Mhamó, Sadhbh na Scolóige, Brighid a' Mhaide, Nóra an Rapuir, Seáinín Carrach, Tom a' Bhocstaí, Domhnall a' Cheaile, Cóilín na Stalach, Curraoineach a' Chnuic, Seán a' Gréasuidhe etc.
+
"Sé'n fuar-ainm (for-ainm) atá air, Micil Chamuis"
Sén fuar-ainm a thugas siad air annseo Seán Basach
TUILLEADH (6) ▼
Níor thug muide d'fhor-ainm ariamh air ach Tomáisín na nGága
M'anam dhá dtugtá a ainm agus a shloinne timpeall annseo air nach mbeadh a fhios aca cé a bheitheá ag rá. Beairtlín na Haille atá ag chuile dhuine san áit seo air
Níor chuala mise d'fhuar-ainm ariamh air ach Éamonn na hAbhann. Ag saghdadh na habhann a chaith sé a shaol]
"An bhfuil a fhios agad, cá gcomhnaíonn Lorcán annseo", adeir sé. "M'anam nach bhfuil a fhios", adeirimse, "mar nach bhfuil a leithide ann". "Tá muis", adeir sé, "ar na mbaile seo thiar". "Lorcán ar an mbaile seo thiar!" adeirimse. "Má tá is ingan fhios domsa é. Le uair an chloig a tháinig sé ann. Tháinig mise anuas thríd an mbaile sin anois le ualach móna agus … ". "Laurence Conneely", adúirt sé. "Tá a leithide ann", adeirimse, "ach dar sliabh má tá Lorcán air, is for-ainm air é" (níor mhar a chéile dar leis "Lorcán" agus "Laurence")
Seán Ó Curraoin a ainm agus a shloinne ó cheart. Sin fuar-ainm: Seán Ó Márta. As a mháthair a mhainíos (a ainmníos) siad é.
Ní fuar-ainm ar bith é sin le tabhairt ar aonduine: an t-Art. Nach maith éascaidh leat fogha agus easbaidh a bhaint as duine

Féach freisin