forainm
—fuarainm an fhuaim. forainm = fuarainm, fuarchraiceann = forchraiceann, fuarallas = forallas, adeirtear i gConamara)
—
leasainm a thabharfaí ar dhuine de bharr tréith cholna nó méine, nó seilbh nó áit chónaí nó a leithide; athrú ar a ainm nó ar a shloinneadh; leasainm. Ainm aithiseach go hiondúil é an leasainm nó as aithis, as greann nó as tarcaisne a tugtar ar dhuine é. Le tréith nó cáilíocht shuntasach eicínt sa duine nó ar mhaithe le idirdhealú a dhéanamh idir é agus daoine eile nó a shamhail, a tugtar forainm ar dhuine .i. Seán Rua, Micil Crosach, Páidín na Bolgaí, Liam Dall, Nell Gheancach, Peadar na hAille, Murchadh Flaisc, Brídín Mhamó, Sadhbh na Scolóige, Bríd an Mhaide, Nóra an Rapuir, Seáinín Carrach, Tom an Bhocstaí, Dónall an Cheaile, Cóilín na Stalach, Curraoineach an Chnoic, Seán an Gréasaí srl.
+–
'Sé an fuarainm (forainm) atá air, Micil Chamuis
'Sé an fuarainm a thugas siad air anseo, Seán Bosach
TUILLEADH (6) ▼
Níor thug muide d'fhorainm ariamh air ach Tomáisín na nGága
M'anam dhá dtugtá a ainm agus a shloinne timpeall anseo air nach mbeadh a fhios acu cé a bheifeá ag rá. Beairtlín na hAille atá ag chuile dhuine san áit seo air
Níor chuala mise d'fhuarainm ariamh air ach Éamann na hAbhann. Ag saighdeadh na habhann a chaith sé a shaol
'An bhfuil a fhios agat cá gcónaíonn Lorcán anseo,' adeir sé. 'M'anam nach bhfuil a fhios,' adeirimse, 'mar nach bhfuil a leithide ann'. 'Tá muis,' adeir sé, 'ar na mbaile seo thiar'. 'Lorcán ar an mbaile seo thiar!' adeirimse. 'Má tá, is i ngan fhios domsa é. Le uair an chloig a tháinig sé ann. Tháinig mise anuas thríd an mbaile sin anois le ualach móna agus … '. 'Laurence Conneely,' adúirt sé. 'Tá a leithide ann,' adeirimse, 'ach dar sliabh má tá Lorcán air, is forainm air é' (níor mhar a chéile dar leis "Lorcán" agus "Laurence")
Seán Ó Curraoin a ainm agus a shloinne ó cheart. Sin fuarainm: Seán Ó Márta. As a mháthair a mhainíos (a ainmníos) siad é.
Ní fuarainm ar bith é sin le tabhairt ar aon duine: an tArt. Nach maith éasca leat fogha is easpa a bhaint as duine