Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
For-allas, (?Fuar-allas)
Ainmfhocal
allas a thiocfadh leat le scannra, nó le náire nó cuthaileadas nó a leithide. Ní hé an t-allas é a chuirtear le saothar.
+
Rinne gruaig mo chinn slatachaí, agus tháinig an for-allas amach thríom. Meastú nach ainsprid eicínt — i bhfad uainn an anachain! — a bhí san rud a chonnaic mé?
Bhí an sonnda róm ar an mbóthar, agus leithead an bhealaigh uilig ann. Chlaon mé fhéin. Tháinig an fuar-allas thrí mo chraiceann. Bhí mé ag creathadh le faitíos
TUILLEADH (3) ▼
Bhuail an oiread náire mé agus go dtáinig an for-allas liom
Nuair a chonnaic mé t'aona hairt ag teacht le lom, tháinig for-allas liom. Bhí mé ag déanamh cnaipí mar shíl mé nach raibh an cur leis ionad, agus 'ar ndó' bhí mise feidhearha
Bhí mé ag dórtadh allais: for-allas. Shíl mé dheamhan greim a d'íosfainn go brách. Sin í an fhírinne. Bhí mé lionnraithe

Féach freisin

For-allas in iontrálacha eile (1)

 
Le méid an fhaitiais a bhuail mé, bhí an for-allas liom