Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
forallas, fuarallas
ainmfhocal
allas a thiocfadh leat le scanradh, nó le náire, nó cúthaileadas nó a leithide. Ní hé an t-allas é a chuirtear le saothar.
+
Rinne gruaig mo chinn slatachaí agus tháinig an forallas amach thríom. Meas tú nach ainsprid eicínt — i bhfad uainn an anachain! — a bhí sa rud a chonaic mé?
Bhí an sonda romham ar an mbóthar agus leithead an bhealaigh uilig ann. Chlaon mé fhéin. Tháinig an fuarallas thrí mo chraiceann. Bhí mé ag creathadh le faitíos
TUILLEADH (3) ▼
Bhuail an oiread náire mé agus go dtáinig an forallas liom
Nuair a chonaic mé t'aon a hairt ag teacht le lom, tháinig forallas liom. Bhí mé ag déanamh cnaipí mar shíl mé nach raibh an cur leis ionat, agus ar ndóigh bhí mise feidheartha
Bhí mé ag dórtadh allais: forallas. Shíl mé dheamhan greim a d'íosfainn go brách. Sin í an fhírinne. Bhí mé lionraithe

Féach freisin

forallas in iontrálacha eile (1)

 
Le méid an fhaitís a bhuail mé, bhí an forallas liom