Formhás
—/forəwās/
—Ainmfhocal; Fireann
1.
ceachardha; i mbaol tuitim, sciorrha, tabhairt uaidh; rud a bheith leagha ar chorr rud eicínt i gcruth agus go mbeadh contúirt tuitim air.
+–
Ná leag an ceaintín sin ar formhás mar sin nó is gearr go dtuite sé = ceaintín leagha ar chiúis boird. Corraí ar bith dhá dtiúrfaí don bhord, bheadh an ceaintín anuas
Tá tú ar formhás ar an stól sin. Deasuighidh isteach agus leigidh binn aige. = duine a bhí in a shuí ceachardha ar chorr stóil
TUILLEADH (5) ▼
Nach diabhaltaí an smál a bhíos ort i gcomhnaí gur ar formhás ar an stóilín corrach sin a leagas tú an buicéad uisce. Nach bhfuil a fhios agad go gcaithfidh sé dóirteadh mar sin
An bhfeiceann tú an gruadhán mór cloiche atá ar formhás annsin thuas ar aill Gh. an T? Nach diabhlaí nachar bhain aonduine aon-chorraí ariamh aisti. Feanc beag ar bith muise, agus chuirfeadh sé anuas ar an mbóithrín í
Tá dhá bhríce ar formhás san simléar ó oíche an fheothain mhóir. Tuitfidh siad ar dhuine eicínt
Tuitfidh an leabhar sin mara gcrapa tú isteach í. Tá sí ar formhás ar chorr an bhoird
Tuitfidh an sean-teach siúd lá ar bith. Tá an balla ar formhás. Feacha an dronn atá amach air
+–
Tá formhás ar an móin sin amuigh ar an gclaidhe. Má bhaintear fód ar bith aisti, tuitfidh brúisc di amach
Bhí formhás ar an gcliabh feamainne ar an gcloich, agus hébrí cén chaoi ar theanguigh an gasúr leis, thuit sé anuas agus síos san locháinín. Spréach Seán
TUILLEADH (2) ▼
Bhí formhás ar an haitín ar a ceann mar sin. B'iontas é go raibh sí indon a chinnireacht agus an farradh a bhí ann. Sin é an faisiún chreidim
Tá formhás ar an gcuid ó dheas den bhóthar anois. Caithfidh siad an taobh ó thuaidh a chur cho hárd leis
2.
suaite, callóideach, corruithe, saghdha etc.
+–
Is baile ar formhás é an baile seo anois = callóideach, iad féin ag faire ar a chéile, nó go dtosaighe an t-achrann; bís achrainn orra
Tá an baile seo thiar ina theine bhruite. Ceann thuas an bhaile in árachaí a chéile aríst. Níor chuir C. a láimh ann fós, ach tá sé annsiúd ar formhás = is dóigh dhó fhéin a bheith san achrann puinnte ar bith
TUILLEADH (5) ▼
Saol ar formhás anois é
Is fadó na "Patcheannaí" ar formhás, ach ní raibh aonduine ag tabhairt aon-tsiocair dóibh. TSiocair ar bith muise, agus bheadh an bualadh déanta aca fadó
Tá an teach seo thíos ar formhás. Níl an tsean-lánúin ná an lánúin óg ag teacht le chéile ro-mhaith. Níor buaileadh aon-bhuille fós, ach rómhab (rompa) amach atá
Bhí mé ar formhás i gcaitheamh na hoíche aige. Ní raibh a [fhios agam] cé mb'fhearr dhom fanacht mar a bhí mé nó imeacht dhá chuartú = piaclach; in imní; i bpiolóid; in suspense, agitation
Bhí mé ar formhás ceart agus gan a fhios agam cén nóiméad a maróchaí é