Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
forbhás
/forəwās/
ainmfhocal, fireann
1.
ceachartha; i mbaol titim, sciorrtha, tabhairt uaidh; rud a bheith leagtha ar chorr rud eicínt i gcruth is go mbeadh contúirt titim air.
+
Ná leag an ceaintín sin ar forbhás mar sin nó is gearr go dtite sé — ceaintín leagtha ar chiumhais boird. Corraí ar bith dhá dtabharfaí don bhord, bheadh an ceaintín anuas
Tá tú ar forbhás ar an stól sin. Deasaidh isteach agus ligidh binn aige — duine a bhí ina shuí ceachartha ar chorr stóil
TUILLEADH (5) ▼
Nach diabhaltaí an smál a bhíos ort i gcónaí gur ar forbhás ar an stóilín corrach sin a leagas tú an buicéad uisce. Nach bhfuil a fhios agat go gcaithfidh sé dóirteadh mar sin
An bhfeiceann tú an gruán mór cloiche atá ar forbhás ansin thuas ar aill Gh. an T? Nach diabhlaí nár bhain aon duine aon chorraí ariamh aisti. Feanc beag ar bith muise, agus chuirfeadh sé anuas ar an mbóithrín í
Tá dhá bhríce ar forbhás sa simléar ó oíche an fheothain mhóir. Titfidh siad ar dhuine eicínt
Titfidh an leabhar sin mura gcrapa tú isteach í. Tá sí ar forbhás ar chorr an bhoird
Titfidh an seanteach siúd lá ar bith. Tá an balla ar forbhás. Féacha an dronn atá amach air
+
Tá forbhás ar an móin sin amuigh ar an gclaí. Má bhaintear fód ar bith aisti, titfidh brúisc di amach
Bhí forbhás ar an gcliabh feamainne ar an gcloich, agus hé brí cén chaoi ar theangaigh an gasúr leis, thit sé anuas agus síos sa locháinín. Spréach Seán
TUILLEADH (2) ▼
Bhí forbhás ar an haitín ar a ceann mar sin. B'iontas é go raibh sí in ann a chinnireacht agus an farra a bhí ann. Sin é an faisiún chreidim
Tá forbhás ar an gcuid ó dheas den bhóthar anois. Caithfidh siad an taobh ó thuaidh a chur chomh hard leis
2.
suaite, callóideach, corraithe, saighdte srl.
+
Is baile ar forbhás é an baile seo anois — callóideach, iad féin ag faire ar a chéile nó go dtosaí an t-achrann; bís achrainn orra
Tá an baile seo thiar ina thine bhruite. Ceann thuas an bhaile in árachaí a chéile aríst. Níor chuir C. a láimh ann fós, ach tá sé ansiúd ar forbhás — is dóigh dhó fhéin a bheith san achrann pointe ar bith
TUILLEADH (5) ▼
Saol ar forbhás anois é
Is fadó na Patcheannaí ar forbhás, ach ní raibh aon duine ag tabhairt aon tsiocair dóibh. tSiocair ar bith muise, agus bheadh an bualadh déanta acu fadó
Tá an teach seo thíos ar forbhás. Níl an tseanlánúin ná an lánúin óg ag teacht le chéile rómhaith. Níor buaileadh aon bhuille fós, ach rómhab (rompu) amach atá
Bhí mé ar forbhás i gcaitheamh na hoíche aige. Ní raibh a fhios agam cé mb'fhearr dhom fanacht mar a bhí mé nó imeacht dhá chuartú — piaclach; in imní; i bpiolóid; in suspense, agitation
Bhí mé ar forbhás ceart agus gan a fhios agam cén nóiméad a marófaí é

forbhás in iontrálacha eile (12)

 
Ná fág an buicéad uisce ar forbhás ansin faitíos na timpiste. Tá an cat mara ar na gasúir sin. Ba gearr orthu a dhóirteadh anuas ar fud an tí
 
Ná fág an buicéad sin ar forbhás ansin. Is fánach an chaoi a dtitfeadh sé
 
An bhfuil a fhios agat an moghlaeir mór a bhí ar forbhás ar stuaic an charracáin sin thiar i Leic an Rí (garraí)? Thit sí anuas le fána agus tá sí caite thíos sa log fliuch siúd anois. Is maith an t-ádh a bhí orainn nach raibh aon bhó againn ann nó bheidís craptha isteach faoi ghiall an charracáin ar an bhfarra gaoithe sin a bhí ann le dhá lá, agus dhéanfadh an daigéad siúd cuailín cnámh díobh.
 
B'fhurasta a aithinte dhuit, dhá mbeadh aon aird ar do ghnaithe agat, gurb in é a d'éireodh dó. Ní áit ar bith a leithide de rud a leagan ar forbhás ar chlaibín an chomhra. Ceannóidh tú ceann nua anois, muis!
 
Tá an saol go mór ar forbhás le blianta beaga anuas agus tá faitíos orm gur gearr go bhfeice tú ina bhrachán aríst é.
 
Ná leag ar forbhás ansin é nó tabharfaidh sé anuas a bhfuil ar an mbord in aon bhrúisc amháin.
 
aire
Ní mór dhuit a bheith fíor-aireach ag ardú an strapa sin, mar tá boghlaeir mhóra ar forbhás ann — caithfidh tú a bheith airdeallach ag dul suas in aghaidh an strapa sin (fc. strapa) mar tá daigéid mhóra cloch ann agus is furasta leo sciorradh le fána
 
diabhal 2
Go dtuga an diabhal thairis amach as a phutóig é! Canta aráin mar sin imithe ag madadh agus a liachtaí créatúr bocht ar fud an tsaoil anocht ar mhaith leis a fháil. Ach ní hé an madadh is measa ach a gcuid sraoillíocht fhéin a fhágas ar forbhás an rud
 
ding
Brú agus ding ort mar chat. Tá a bhfuil ar an drisiúr leagtha agat. Ní thú is measa ach an ceann a d'fhága an muigín ar forbhás. Nárbh fhurasta a aithinte gur briste a bheadh sé
 
dorn
Is furasta dhó rud a bheith aige féin. Nuair a bhí an saol ar forbhás agus gan aon dlí ann, thapaigh sé sin é, agus rinne sé bun. Cé a bhí in ann aon chaidéis a chur air. Nach aige féin a bhí an chomhairle ar fad. Ba é an cás é: an té ab fhearr dorna, ba é ab fhearr corna den fheoil
 
droim
Má leagann tú an tin can sin ar forbhás ansin, is gearr go mbeidh sé droim ar ais ar an talamh. Leag in áit eicínt eile é
 
dóirt
Is beag an dochar don uisce a bheith dóirte, lá is gur leag tú ar forbhás ansin ar an mbord é