Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Forcamhás
Ainm Bhriathar
ag faire go priaclach, ar rud a mbeitheá ag tnuthán leis; a bheith ag fanacht nó ag leimhéaracht go bhfaighteá deis ar rud le leas a bhaint as; ag "fosaíocht" le rud; i dtuilleamaí; i gcleithiúnas.
+
Cuirfidh mé cupla fód móna síos, agus gan sib a bheith ag forcamhás ar dhá splainnc annsin = ag faire orra; sib a bheith in a gcleithiúnas
Ní mé céard atá sé a dhéanamh annseo thíos faoin gclaidhe. Ag forcamhás ar bhean, déarfainn. Tá sí imithe soir = ag faire uirre go priaclach
TUILLEADH (9) ▼
Ní leigfeadh an leisce dhó a dhul ar an bportach le asal srathrach agus ualach móna a thabhairt abhaile. Is fhearr leis ag forcamhás ar leoraí, agus maircíocht a fháil go dtí an portach, agus máilín móna a thabhairt leis anuas ar a bharr.
Nach diabhlaí an forcamhás atá air! Dheamhan greim a d'ith sé ó mhaidin ach ag breathnú síos thar claidhe ingarraí J. Síleann sé go bhfuil maith ar chuid na comharsan thar a chuid fhéin = asal ag breathnú go beóphianta thar claidhe
Más ag forcamhás ar thalamh an uncail atá sé muis, tá faitíos orm gurb é féithiú an tsionnaigh ar mhagarlaí an tairbh aige é, mar adeir an ceann eile. Tá sé cho dóigh go bpósfaidh an t-uncail siúd aríst. Fear luath láidir é
Thoir timpeall ar tigh T. J. a chaitheas sé a shaol anois. Ag imeacht ag forcamhás ar na coirnéil, ag ceapadh go n-iarrfadh aon duine isteach l'aghaidh pionta é
Chaith sé uair an chloig ag forcamhás orm ag ceapadh go dtairgfinn deoch dhó, ach dheamhan é muis.
Tabhair cic don mhadadh bhradach sin agus ná bíodh sé ag forcamhás mar sin ort agus thú ag ithe do bhéilí. Thú fhéin a mhill é. Nó gur thosaigh tusa ag caitheamh giotaí aráin aige, bhí sé sin an-mhúinte. Luighfeadh sé san gclúid
Is suarach an éadáil a bheith ag forcamhás ar an scillingín "dole" sin. Dhá mbeadh déanamh ar bith dhá uireasa ag duine, b'fhearr dhó uaidh é, agus gan a bheith dhá mheath féin leis.
Sin í a cheird sin. Ag fánóireacht fud an bhaile agus ag forcamhás feaint (féachaint) a bhfuigheadh sé rud ar bith le goid
Tá an cut sin ag forcamhás ar rud eicínt thoir ag an gcró ó mhaidin, mara francach a airíos sé ann

Forcamhás in iontrálacha eile (8)

 
Cén sórt scilipéaracht atá ar an bhfiolladóir sin annsin? Ag forcamhás atá sé nó go n-eirí rud eicínt leis a ghoidfeas sé
 
Chonnaic mé madadh T. Mh. ag imeacht ag fáinneoireacht (fáinneáil; a' mháinneáil, a' máinneáil) annsin taobh thoir ó mhaidin. Shílfeá gur ag forcamhás ar rud eicínt a bhí sé marab ar na cearca é. Ní bheadh lá íontais orm dhá mbeadh sé ag ithe uibheachaí = ag guairdeall thart ag fairiú; ag dul timpeall (tí, etc) mar a bheadh sé i gcearcall
 
faon-
Cé a d'fhága an geata ar faon-oscailt? Nach bhfuil a fhios agaibh go maith go bhfuil na hasail sin ag forcamhás go dteaga siad isteach ar an tsráid ag smalcadh
 
Dheamhan maith do dhuine a bheith ro-fhiuntach, agus ag tabhairt óil do bhacaigh nach mbeidh ach ag forcamhás ort, agus ag cur leadhb dhá dteanga amach fút nuair a bhéas do chuid ólta
 
Má fhaghann tú dath an mháimh an iarraidh seo, ná bí ag fosaíocht leis mar a bhíos tú i gcomhnaí, ach tabhair clár dhó. Feicimse chuile fhear ag forcamhás ar an gcúig dheireannach
 
Ar fháiteall na habhann atá a theacht suas. Is diabhlaí atá ag rith leis. Chaith na báirseóirí an bhliain anuiridh ag forcamhás air, ach diabhal mé go dtug sé na haobha leis dhá mbuíochas
 
feadh
Shiúil sé soir feadh na dúirlinne ag forcamhás ar fheamainn dearg
 
Is diabhlaí an fiagaí é an madadh sin! Ag forcamhás ar mhíoltógaí a bhíos sé i gcomhnaí. Deis ar bith dhá bhfaighidh sé ar cheann aca sluigfidh sé í