Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
forcamhás
ainm briathartha
ag faire go priaclach, ar rud a mbeifeá ag tnúthán leis; a bheith ag fanacht nó ag leibhéireacht go bhfaighteá deis ar rud le leas a bhaint as; ag fosaíocht le rud; i dtuilleamaí; i gcleithiúnas.
+
Cuirfidh mé cupla fód móna síos, agus gan sibh a bheith ag forcamhás ar dhá splainc ansin — ag faire orthu; sibh a bheith ina gcleithiúnas
Ní mé céard atá sé a dhéanamh anseo thíos faoin gclaí. Ag forcamhás ar bhean déarfainn. Tá sí imithe soir — ag faire uirthi go priaclach
TUILLEADH (9) ▼
Ní ligfeadh an leisce dhó a dhul ar an bportach le asal srathrach agus ualach móna a thabhairt abhaile. Is fhearr leis ag forcamhás ar leoraí, agus marcaíocht a fháil go dtí an portach, agus máilín móna a thabhairt leis anuas ar a bharr.
Nach diabhlaí an forcamhás atá air! Dheamhan greim a d'ith sé ó mhaidin ach ag breathnú síos thar claí i ngarraí J. Síleann sé go bhfuil maith ar chuid na comharsan thar a chuid fhéin — asal ag breathnú go beophianta thar claí
Más ag forcamhás ar thalamh an uncail atá sé muis, tá faitíos orm gurb é feitheamh an tsionnaigh ar mhagarlaí an tairbh aige é, mar adeir an ceann eile. Tá sé chomh dóigh go bpósfaidh an t-uncail siúd aríst. Fear luath láidir é
Thoir timpeall ar tigh T. J. a chaitheas sé a shaol anois. Ag imeacht ag forcamhás ar na coirnéil, ag ceapadh go n-iarrfadh aon duine isteach le aghaidh pionta é
Chaith sé uair an chloig ag forcamhás orm ag ceapadh go dtairgfinn deoch dhó ach dheamhan é muis.
Tabhair cic don mhadadh bhradach sin agus ná bíodh sé ag forcamhás mar sin ort agus thú ag ithe do bhéilí. Thú fhéin a mhill é. Nó gur thosaigh tusa ag caitheamh giotaí aráin aige, bhí sé sin an-mhúinte. Luífeadh sé sa gclúid
Is suarach an éadáil a bheith ag forcamhás ar an scillingín dole sin. Dhá mbeadh déanamh ar bith dhá uireasa ag duine, b'fhearr dhó uaidh é agus gan a bheith dhá mheath féin leis.
Sin í a cheird sin. Ag fánóireacht fud an bhaile agus ag forcamhás féint (féachaint) a bhfaigheadh sé rud ar bith le goid
Tá an cat sin ag forcamhás ar rud eicínt thoir ag an gcró ó mhaidin, mura francach a airíos sé ann

forcamhás in iontrálacha eile (38)

 
Cén sórt scilipéaracht atá ar an bhfiolladóir sin ansin? Ag forcamhás atá sé nó go n-éirí rud eicínt leis a ghoidfeas sé
 
Chonaic mé madadh T. Mh. ag imeacht ag fáinneoireacht (fáinneáil; ag mháinneáil, ag máinneáil) ansin taobh thoir ó mhaidin. Shílfeá gur ag forcamhás ar rud eicínt a bhí sé murab ar na cearca é. Ní bheadh lá iontais orm dhá mbeadh sé ag ithe uibheachaí — ag guairdeall thart ag fairiú; ag dul timpeall (tí, srl.) mar a bheadh sé i gcearcall
 
bocht 1
Níl aon ghnaithe agat a bheith ag forcamhás air sin le mórán cúnta a thabhairt duit go gcneasaí a láimh, agus tabhair láimh bhocht uirthi!
 
Tá tú ó bhrabach (d'uireasa brabach) más ag forcamhás air sin a bheas tú.
 
Más ag forcamhás ar na cearca breallacha sin atá tú le uibheachaí a bhreith, tá faitíos orm gur beag an éadáil a bheas agat dá mbarr.
 
ailp
Ag forcamhás ar an ailp atá sé — i ndiaidh na hailpe atá sé
 
Tá aireachas ar a chuid móna aige i mbliana agus dheamhan a mór dhó sin, agus a bhfuil de chneámhairí ag forcamhás uirthi.
+
aire
Is maith nach mór do dhuine aire a thabhairt dá bhicycle ag na rástaí mar tá daoine ag dhul thart ag forcamhás ar bhicycles ar bith a fheiceanns siad fágtha ar sliobarna — caithfidh tú cumhdach maith a bheith agat ar do rothar ar na rástaí, arae tá daoine ag dul thart d'aon cheird le rothar ar bith a fheiceas siad fágtha go siléigeach a ghoid.
TUILLEADH (1) ▼
Tabhair aire do do cheann phosta agus a liachtaí duine ag forcamhás ar é a fháil — déan freastal ar dhualgaisí do phosta mar tá go leor daoine ag faire air.
 
amhras
Is mór m'amhras gur air sin atá sé ag forcamhás.
 
Is suarach an chaoi aige a bheith ag forcamhás ar shnáithín feamainne na baintreabhaí sin. Murach gur dearg antlachán é, ní bheadh (forcamhás = ag faire, ag tnúthán le)
 
faon-
Cé a d'fhága an geata ar faonoscailt? Nach bhfuil a fhios agaibh go maith go bhfuil na hasail sin ag forcamhás go dteaga siad isteach ar an tsráid ag smailceadh
 
Dheamhan maith do dhuine a bheith rófhiúntach agus ag tabhairt óil do bhacaigh nach mbeidh ach ag forcamhás ort, agus ag cur leadhb dhá dteanga amach fút nuair a bheas do chuid ólta
 
Má fhaigheann tú dath an mháimh an iarraidh seo, ná bí ag fosaíocht leis mar a bhíos tú i gcónaí ach tabhair clár dhó. Feicimse chuile fhear ag forcamhás ar an gcúig dheireanach
 
Ar fháiteall na habhann atá a theacht suas. Is diabhlaí atá ag rith leis. Chaith na báirseoirí an bhliain anuraidh ag forcamhás air, ach diabhal mé go dtug sé na haobha leis dhá mbuíochas
 
istigh
Ní bhíonn airde ar bith agat ar an mbun a choinneáil istigh, ach ag forcamhás ar chúig i gcónaí (ach ag forcamhás ar a dhul amach thú féin agus do pháirtí) — is cuma leis faoin bhfear ard a choinneáil anuas agus gan aon duine a ligean cluiche; ag iarraidh cúig nó a dhul amach cluiche é fhéin a bhíos sé i gcónaí
 
feadh
Shiúil sé soir feadh na duirlinge ag forcamhás ar fheamainn dearg
 
Is diabhlaí an fiagaí é an madadh sin! Ag forcamhás ar mhíoltógaí a bhíos sé i gcónaí. Deis ar bith dhá bhfaighidh sé ar cheann acu, slogfaidh sé í
 
dairt
Mura bhfuil aige faoi dheireadh, théis a chuid scoileannaí agus coláistí, ach ag breathnú i ndiaidh faochan, is dona a chuir sé a shaol. Deirim leat go mb'fhearr dhó ag caitheamh dairteachaí go Contae an Chláir ná a bheith ag fálróid thart ag forcamhás ar chupla buitín faochan a chruinneos muintir an L.
 
Dhá mba mise thú, ní dheallróinn mé féin ansin ag forcamhás air. Teagadh sé agus tugadh sé leis í, má fheileann sí dhó, nó mura bhfeile, fágadh sé ina dhiaidh í. Beatha do dhuine a thoil a mhic ó
 
deara
Madadh ar bith a dtabharfar faoi deara dhó fanacht ag forcamhás ort agus thú ag ithe do dhinnéir, is madadh millte a bheas ann. Níl le déanamh le madadh, ach cur faoi ndeara dhó luí sa gclúid agus a smut ina chrúib, chomhuain is a bhíos duine ag ithe a bhéilí. Má thugann madadh faoi deara dhó féin é sin a dhéanamh uair amháin, beidh sé múinte go brách
 
Beidh do chuinneog gan deasú muis, más leat a bheith ag forcamhás air siúd. Tá gealladh maith ag an leiciméara sin, ach droch-chomhlíonadh
 
deis
An fhad is a bhí mé ag cur suas na móna ar mo dheis, bhí agam. Bhí mé ag tabhairt cnáimh le crinneadh don scarthóir, ach chomh luath agus a d'athraigh siad, agus a mb'éigean dom tosaí in aghaidh deise, bhíodh sé ag forcamhás orm ar an mbruach (ag baint mhóna in aghaidh deise — ag baint an bhinse i riocht is go gcaithfeá an mhóin a chur ar thaobh na láimhe ba lú umhlachta)
 
An-charr í, ach dhiomlódh sí a bhfuil de phetrol in Éirinn. Is beag le chúig mhíle dhéag ar an ngalún atá sí in ann a dhéanamh scaití. Scriosfadh sí thú mura mbeifeá in do ridire, agus sin caoi nach bhfuil mise, ní ag ceasacht ar Dhia é. Dhá mbeinn, ní ag forcamhás ar an gcarr sin a bheinn
 
diúg
Aníos ag forcamhás ar thobac a tháinig an codaí sin anois. Ach gheobhaidh sé tobac ar mo shonsa. Go deimhin is deas na gnaithí a bheadh orm a dhul ag síneadh mo phíopa aige sin nó go ndiúgadh sé an gráinne deireanach as. Rófhada a fuair sé in m'amadán mé. Faigheadh sé tobac anois i muráite eicínt eile
 
Beannacht Dé dhuit! Ab é Baile an Ch. Deir tú liom go bhfuil an-phreabáin talúna ann. Níl ceo dhár dhealbh an ghrian ann, a stór — ceo ar bith — ach feidhealanna madraí — agus na drandail nochta acu, ag forcamhás ar fháiteall eicínt a streachlóidís thrí dhriseachaí an bhaile
 
Ní raibh comhairleachan ina chionn. Phós sé í. Phós ar na drochóirí dhó féin. Níor fhága sí bonn bán air. 'Sé an chaoi a mbíodh na páistí a bhí acu amuigh i chuile theach ar an mbaile ag forcamhás — na créatúir — go réitítí blogam tae. Iad leathchaillte sa mbaile. Dhá mbeadh breith ar a aiféala aige ní phósfadh sé an uair sin í, ach ina dhiaidh a feictear don Éireannach a leas
 
droim
Ní bhfuair mé tochas mo dhroma d'obair le bliain go leith ach ag forcamhás ar an dole bradach sin. Más ea féin, is meata an cheird sin
 
dul
Níl a dhul siar agam ann, nach mbíonn sé romham i mbéal an tseoil ag forcamhás ar thobac
 
Chaillfeadh sí thú, an duántacht amhrais sin. Is meata an cheird í, ag forcamhás ar do dhorúín agus ar do dhuáinín ansin. An scríobaire an cailín! Sin í nach mbeidh ag dul anonn ná anall leo!
 
dálta
Tá T. go lách, ach ní hé a dhálta sin ag J. é. Níl comharsanacht ar bith ann. Caitheann sé a shaol ag forcamhás ar bhearraíochaí a bhaint dhe dhaoine eile
+
Dheamhan duine muise as an teach a thiocfas a (do) chúnamh dó dhá dtiteadh déidín aige ag forcamhás orthu. Nach réidh a gheobhadh sé daoine ag dul dhá marú féin dósan agus gan é ach ag magadh fúthu aríst ar fud an bhaile. Chuaigh beirt as an teach dhá lá le coirce aige anuraidh agus 'sé an seamsán a bhí aige soir faoi na bóithrí aríst go mb'fhearr dóibh a bheith ag déanamh rud eicínt ó tharla nach raibh aon choirce acu féin. Ag ceapadh go dtabharfadh muide lá don fhear sin aríst!
TUILLEADH (2) ▼
Tá déidín tite aige go gcailltear an tseanlánúin agus go n-éirí an áit leis féin. Ach dheamhan is móide fód dó a chomhairfeadh sé go brách, théis an forcamhás atá aige air. Tá an tseanbheirt siúd sách aigeanta freisin, agus tá daoine is gaire dóibh ná eisean lena gcuid a thabhairt dóibh
Ní thabharfainnse aon deoir óil dó dhá dtiteadh déidín aige. Bhí sé ina sheasamh thiar ag an gcuntar an-tsuáilceach go deo, agus é ag forcamhás ar chuile dhuine a thiocfadh ag glaoch deoch. Bhain sé féin an lá as an bpionta ag súil le chuile dhuine eile
 
Tá siad ag déanamh tithe as éadan ann, agus gan cianóig dhár dhealbh an ghrian ag an dream atá ag dul a cónaí iontu ach ag forcamhás ar an déirce sin (dole). Dream atá ar an scoir — pailitéaraí — ar fad atá iontu. Diabhal mé gob (gurb) orthu atá meas uileag anois. Cuirfidh mé mo rogha geall leat gur túisce a gheobhadh duine acu bean, ná fear a mbeadh cáil mhór air
 
Is furasta do dhuine teach mór a bheith aige thíos i nG. Ach cé mhéad acu a bhfuil na tithe thar barr amach acu? 'Sé an chaoi a bhfuil na tithe sin ar fad, iad a thógáil ar an oiread seo sa mbliain, agus díolaíocht a dhéanamh ansin orthu de réir na míosa nó an ráithe. Mura mbeidh tú suas leis an lá cairde ansin i gcónaí, cuirfear as seilbh thú ar an bpointe boise, agus beidh duine eicínt eile istigh in t'áit. Nach bhfuil na mílte ag forcamhás ar thithe ann, agus é cinnte orthu a bhfáil
 
dúil
Dúil gan fáil muis dúil sna cigarettes anseo. Dhá mbeadh cruóg ola ort dhá bhfuireasa, dheamhan tiomanta ceann a gheofá, na cuid de cheann. Is minic a bhí mo theanga amuigh ag imeacht ag forcamhás ansin thiar sa mbaile caillte sin, agus gan tada agam ar a shon
 
Chaith sé an oíche ag forcamhás uirthi, agus hob ann agus hob as aige, ach ní ligfeadh an faitíos dó drannadh léithe ina dhiaidh sin. Bhí an oíche dhá chaitheamh agus gan an mhaith dhá dhéanamh nó gur thosaigh an bhainis ag scaipeadh sa deireadh. Tháinig an jug timpeall agus d'ól sé dhá ghloine as. Ansin chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos air, agus anonn leis gur bhuail sé bleid uirthi …