Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
For-chasán
Ainmfhocal
réidh-chasán: bealach buailte thrí sliabh nó go dtí tamhnach shléibhe, ach gan aon-bhóthar ná b'fhéidir sean-bhóithrín fhéin a bheith ann; casán go dtí tobar, nó go dtí do chuid talúna thrí cuid duine eile; sórt "right of way".
·
Tá for-chasán isteach ann chuig an tobar. Diabhal duine a bhac sé ariamh faoin a dhul ann. Níor mhiste leis dhá mbeitheá gan an sceach a chur san gcéim go deó. Ach ní hé sin den bhrúisc de chliamhain isteach seo aige é.
·
Ní bhíodh bealach ag aonduine go dtín a chuid talúna fhéin shul má "stripeáileadh" an talamh. B'fhéidir gurb é an chaoi a mbeadh garraí agamsa istigh i lár do roinne-sa. For-chasáin ar fad a bhí ann. Ní fhéadfása mé a bhacadh faoin a dhul san bhfor-chasán sin in a dheidh sin
Chonnaic mise for-chasán ariamh annsin ag muinntir an leath-bhaile thoir, nuair a bheidís ag feamnadh as a gcuid fhéin den chladach. Bhíodh cead aca an bhearna sin atá le Garraí an Chladaigh aige a leagan amach ar an dúrlinn. Is cosúil go bhfuil rún aige seo a gcoinneál as, má fhéadann sé. Is gradha an scéal é má fhéadann agus iad ag dul ariamh ann
·
Níl bóthar ná bealach ann ach for-chasán ar an gcriathrach mór. Tá an tamhnach sin thart cheal bóthair. Nach h-iontach nach ndéanfaí bóthar dóibh