Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
forchosán
ainmfhocal
réchosán; bealach buailte thrí sliabh nó go dtí tamhnach shléibhe ach gan aon bhóthar ná b'fhéidir seanbhóithrín fhéin a bheith ann; cosán go dtí tobar, nó go dtí do chuid talúna thrí cuid duine eile; sórt right of way.
·
Tá forchosán isteach ann chuig an tobar. Diabhal duine a bhac sé ariamh faoina dhul ann. Níor mhiste leis dhá mbeifeá gan an sceach a chur sa gcéim go deo. Ach ní hé sin don bhrúisc de chliamhain isteach seo aige é.
·
Ní bhíodh bealach ag aon duine go dtí n-a chuid talúna fhéin shul má stripeáladh an talamh. B'fhéidir gurb é an chaoi a mbeadh garraí agamsa istigh i lár do roinnese. Forchosáin ar fad a bhí ann. Ní fhéadfása mé a bhacadh faoina dhul sa bhforchosán sin ina dhiaidh sin
Chonaic mise forchosán ariamh ansin ag muintir an leathbhaile thoir nuair a bheidís ag feamnú as a gcuid fhéin den chladach. Bhíodh cead acu an bhearna sin atá le Garraí an Chladaigh aige a leagan amach ar an duirling. Is cosúil go bhfuil rún aige seo a gcoinneáil as, má fhéadann sé. Is groí an scéal é má fhéadann agus iad ag dul ariamh ann
·
Níl bóthar ná bealach ann ach forchosán ar an gcriathrach mór. Tá an tamhnach sin thart cheal bóthair. Nach iontach nach ndéanfaí bóthar dóibh