Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
For-chneasú
Ainm bhriathar, Ainmfhocal Fireann
cneasú beag; tús cneasaithe; i mbéal cneasaithe.
+
Tá an an-fheoil imithe aisti anois. Sílim go bhfuil for-chneasú uirri
Tá fuar-chneasú ar mo láimh ó inné. Tá deireadh an ábhair aisti
TUILLEADH (2) ▼
Bhí for-chneasú ar an ngearradh sin nó gur ghortaigh mé aríst é. Is measa é anois ná ariamh. Tá mé den tsaol aige le pian
Níl mo chluais cneasaithe amach agus amach fós, ach tá for-chneasú maith uirri. Airím an-tochas inti anois. Sin é a d'innseódh go bhfuil sí ag cneasú nach hé? Shaothraigh mise í sin