Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
forchneasú
ainm briathartha, ainmfhocal fireann
cneasú beag; tús cneasaithe; i mbéal cneasaithe.
+
Tá an ainfheoil imithe aisti anois. Sílim go bhfuil forchneasú uirthi
Tá fuarchneasú ar mo láimh ó inné. Tá deireadh an ábhair aisti
TUILLEADH (2) ▼
Bhí forchneasú ar an ngearradh sin nó gur ghortaigh mé aríst é. Is measa é anois ná ariamh. Tá mé den tsaol aige le pian
Níl mo chluais cneasaithe amach is amach fós, ach tá forchneasú maith uirthi. Airím an-tochas inti anois. Sin é a d'inseodh go bhfuil sí ag cneasú nach é? Shaothraigh mise í sin