For-chruit
—
diuc: gioc: cruit nó dronn mar a chuireas duine, bó, gamhain, gadhar air fhéin scaití: dhéanfadh beitheach leis an bhfuacht é, nó duine "shrugging his shoulders". Duine nach mbíonn aon-chruit orra ó bhruínn, teagann fuar-chruit orra scaití, dhá mbuaileadh aon-cheo damáisteach san druim iad — galra ná eile.
+–
Tá an madadh ag cur fuar-chruit air fhéin le sámhas. Airíonn sé go bhfuil a dhóthain ite aige anois
Diabhal a bhfaca mise ann ach daigéad de chut ar an teallach agus fuar-chruit air. Shílfeá gur ag brath air mé a ionnsaí a bhí sé; dhá gcuirinn araoid ar bith air
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé (madadh) ag cur fuar-chruit air fhéin anois ó thosaigh tú dhá shlíocadh. Ní hé a shlíocadh a dhéanfainnse muis ach an bhróig a thabhairt ar an tsráid dó
Diabhal mé go bhfuil an gamhain sin thuas sucha isteach i lúibinn an chlaidhe, agus fuar-chruit air. Shílfeá nach gaimh atá san aimsir seo, le go mbeadh sé ar an gcaoi siúd. Tá sé réidh, hébrí céard atá air. Níl aon-luighteamas aige len a chuid a ithe ach oiread
+–
An bhfuil guróir ar bith is mó ná í. An lá is breácha san mbliain, istigh ar an teallach a gheobhfá í scarha ar an tine, agus fuar-chruit uirri. Mo choinsias sea. Is deacair a bheith ag iarraidh maitheasa uirri sin
Chuir sí for-chruit uirri fhéin tae' istigh (taobh istigh) de chúnntar, nuair a d'iarr mé na "fags" uirri
TUILLEADH (1) ▼
Rud ar bith nach dtaithneóidh leis, feicfidh tú é ag cur fuar-chruit air. Tá go leór bealaigh beaga den tsórt sin leis. Sin í an onóir chreidim!
+–
An bhfeiceann tú an ghiuc atá air. Tá fuar-chruit air le teann truailleachais
An giocachín bocht, is gearr an bás uaidh. Tá sé dhá chailleadh fhéin ag obair agus ag luainn droch-laethanta. Nach shin for-chruit ar fad air
TUILLEADH (1) ▼
Tá fuar-chruit ar an duine bocht ó bhuail an rud sin é. Deir an dochtúr gur fabhtach atá cnáimh an droma, agus go bhfuil sé ag liocadh isteach. Céard a dhéanfadh é sin? Eiteann meastú? … Is gearr a mhairfeas sé agus an deis siúd air