forchruit
—
diuc; gioc; cruit nó dronn mar a chuireas duine, bó, gamhain, gadhar air fhéin scaití: dhéanfadh beathach leis an bhfuacht é, nó duine shrugging his shoulders. Duine nach mbíonn aon-chruit orra ó bhroinn, teagann fuarchruit orra scaití, dhá mbuaileadh aon-cheo damáisteach sa droim iad — galra ná eile.
+–
Tá an madadh ag cur fuarchruit air fhéin le sámhas. Airíonn sé go bhfuil a dhóthain ite aige anois
Diabhal a bhfaca mise ann ach daigéad de chat ar an teallach agus fuarchruit air. Shílfeá gur ag brath ar mé a ionsaí a bhí sé; dhá gcuirinn araoid ar bith air
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé (madadh) ag cur fuarchruit air fhéin anois ó thosaigh tú dhá shlíocadh. Ní hé a shlíocadh a dhéanfainnse muis ach an bhróig a thabhairt ar an tsráid dó
Diabhal mé go bhfuil an gamhain sin thuas sactha isteach i lúbainn an chlaí agus fuarchruit air. Shílfeá nach goimh atá san aimsir seo le go mbeadh sé ar an gcaoi siúd. Tá sé réidh, hé brí céard atá air. Níl aon luiteamas aige lena chuid a ithe ach oiread
+–
An bhfuil goróir ar bith is mó ná í. An lá is breácha sa mbliain, istigh ar an teallach a gheofá í scartha ar an tine agus fuarchruit uirthi. Mo choinsias sea. Is deacair a bheith ag iarraidh maitheasa uirthi sin
Chuir sí forchruit uirthi fhéin tae' istigh (taobh istigh) de chuntar nuair a d'iarr mé na fags uirthi
TUILLEADH (1) ▼
Rud ar bith nach dtaitneoidh leis, feicfidh tú é ag cur fuarchruit air. Tá go leor bealaí beaga den tsórt sin leis. Sin í an onóir chreidim!
+–
An bhfeiceann tú an ghioc atá air. Tá fuarchruit air le teann truailleachais
An giocachín bocht, is gearr an bás uaidh. Tá sé dhá chailleadh fhéin ag obair agus ag luain drochlaethanta. Nach in forchruit ar fad air
TUILLEADH (1) ▼
Tá fuarchruit ar an duine bocht ó bhuail an rud sin é. Deir an dochtúr gur fabhtach atá cnáimh an droma agus go bhfuil sé ag liocadh isteach. Céard a dhéanfadh é sin? Eiteann meas tú? … Is gearr a mhairfeas sé agus an deis siúd air