Foranach, Foránach
—Ainmfhocal; Fireann
—chuala mé an dá leagan air
—
fear mór, árd téagarach; cuaille mór fir; fear, bó, capall etc. a mbeadh méid agus airde agus téagar ionta; fathach fir nó mná; railliúnach.
+–
Tabhair foránach fir air!
Ba shin é an foranach nuair a bhí sé óg, ach tá sé tuithe ar a chéile anois, leis an aois
TUILLEADH (1) ▼
Cé leis an foránach sin? Is breá láidir an fear é, bail ó Dhia air!
·
Foranach breá de bhó í. Cé uaidh ar cheannaigh sé í? An anuas ab ea?
Ní thaithneódh an foranach de chapall sin aige liom. Tá an iomarca airde inte. D'fhear Achréidh a d'fheilfeadh sí sin: fear a mbeadh obair aige di chuile lá i mbéal a chéile. Má leigtear chun díomhaontais í sin chor ar bith, ní bhainfidh fir na hairí ceart di faoi charr. Dar fia féachfaidh sí eisean ar aon-nós