Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
forránach, forranach
ainmfhocal, fireann
chuala mé an dá leagan air
fear mór, ard téagarthach; cuaille mór fir; fear, bó, capall srl. a mbeadh méid agus airde agus téagar iontu; fathach fir nó mná; railliúnach.
+
Tabhair forránach fir air!
Ba in é an forránach nuair a bhí sé óg ach tá sé tite ar a chéile anois leis an aois
TUILLEADH (1) ▼
Cé leis an forránach sin? Is breá láidir an fear é, bail ó Dhia air!
·
Forránach breá de bhó í. Cé uaidh ar cheannaigh sé í? An anuas ab ea?
Ní thaitneodh an forránach de chapall sin aige liom. Tá an iomarca airde inti. D'fhear Achréidh a d'fheilfeadh sí sin: fear a mbeadh obair aige di chuile lá i mbéal a chéile. Má ligtear chun díomhaointis í sin chor ar bith, ní bhainfidh fir na hairí ceart di faoi charr. Dar fia féachfaidh sí eisean ar aon nós

forránach in iontrálacha eile (12)

 
fiar
Nach é atá in ann siúl gan fiar bail ó Dhia air. Is breá an forránach fir é
 
Is diabhaltaí atá sé ag dul in aghaidh a chosúlacht muis, murab é an chaoi nach dtéann sé sa mbile buaic leis fhéin. Chonaic mise scorachaí nach gcuirfeá suntas ar bith iontub ag tabhairt gaoithe (ag ardú) don chloich sin, agus shílfeá nach bhfaigheadh forránach fir mar eisean croitheadh ar bith inti ná dhá mbeadh sí faoi dhó an oiread meáchain agus atá sí.
 
airde 2
Shílfeá gur diabhaltaí an forránach fir é, ach tá sé faoin airde ina dhiaidh sin.
 
fogha
Is breá an forránach fir é, bail ó Dhia air, murach an tsrón, ní ag baint fogha ná easpa as é ná ag fáil locht ar ghnaithe Dé
 
fás 2
Níl baol ar bith ar a chuid fáis sin a bheith déanta fós. Forránach diabhalta fir a bheas ann bail agus beannú air!
 
dearg 2
Beidh an garraí ar fad deargtha acu tráthnóna. Is gearr orthu é: forránaigh luatha láidir
 
de
Forránach d'fhear lúfar láidir é
 
An bhfaca tú aon fhear ariamh, d'fhear atá ina fhorránach chomh láidir leis, a bhfuil an oiread doichill le troid aige leis. Dheamhan páiste in do thír nach bhfuil in ann fadhb sa bpus a thabhairt dhó. D'éireofá ina mhullach agus dheamhan araoid a chuirfeadh sé ort ina dhiaidh sin. Uair ar bith a bhfeicfidh sé achrann ag tosaí, ligfidh sé leis fhéin ar an bpointe
 
Ní ligfeadh an faitíos dom a dhul síos ann. Shíl mé go n-ionsódh an baile fréna chéile mé. Chuaigh mé isteach sa teach ósta agus mé loicthe. Ba ghearr go dtáinig forránach mór fiáin go dtí mé: fear doscúch i gcosúlacht. Bhí colm ar a leiceann as sin go dtí sin anois. Chuaigh muid chun cainte le chéile. Le chuile údragáil d'inis mé m'anó dhó. 'Ól é sin anois,' adeir sé, 'agus ólfaidh muid dhá ghloine fuisce an duine, agus ansin siúlfaidh muid síos ann de réir a (ár) gcoise. Bhí mise sa mBowery i New York, agus dar dia ní bhainfidh aon fhear anseo liom, ná leis an té a bheas in mo bhail … '
 
dreach
Ní luisneacháinín baile móir a phós sí chor ar bith ach forránach lúfar láidir a bhfuil dreach gréine agus gaoithe agus farraige air. Mairnéalach é
 
dréim
Is beag fear ar an aonach atá in ann a dhul ag dréim leis siúd anois, tá sé chomh deisiúil sin, agus tá forránach de mhac aige, bail agus beannú air, agus níl aon fhear ar an aonach in ann a dhul ag dréim leis le dornaí
 
Is dona an dónaillín é siúd, théis go bhfuil an chuid eile acu ina bhforránaigh láidre. Ab iúd é croitheadh an tsacáin … B'fhurasta a aithinte