Fosaíocht
—Ainm Bhriathar
—
a.
ag cumhdach bheithíoch a bheadh istigh ag tiomsacht ar thalamh nach mbeadh fáluithe ó ghoirt; ag cumhdach bheithíoch etc.
+–
Tá sé annsiúd thuas ag fosaíocht. Tá leath an gharraí siúd faoi fhataí agus an leath eile faoi chimín
D'fheicinn M. B. ag fosaíocht annsin thíos fadó inGarraí Ú. Mh. Bhí a leath fútha féin agus faoi mhuinntir Ph. Mh. an uair sin. Dheamhan lá san aer nach dtugadh sé néal chodlata leis, agus na beithigh ag sracadh fataí. Ba mhinic a tharraing a chuid fosaíocht troid
TUILLEADH (2) ▼
Is beag an fhosaíocht atá ann anois ó "stripeáladh" an talamh, ach fadó b'fhéidir go mbeadh garraí in a cheithre chuid, agus gan oiread an urláir ag an duine dhe. Tá fál anois ag chuile fhear dhó fhéin agus is maith an scéal é.
Bhíodh fál buaile ann san sean-reacht. Ní bhíodh cuid den talamh roinnte chor ar bith, ach cead ag chuile fhear a chuid fhéin a chur air, agus duine a chur amach ag fosaíocht in a gcionn annsin. Ag pailitéaraí is mó a bhíodh sé … Dheamhan binn ná binn a shocruithí ar thalamh den tsórt siúd. Bhíodh an talamh cuir agus an cimín cho maith le chéile gan claidhe ná fál. Dhá mbeadh droch-fhosaíocht ann, an té a mbeadh foghail déanta air, bíodh
b.
ag coinneál rud nó scéal idir chamánaí, nó ag déanamh moille faoin a innseacht nó a thabhairt uait.
+–
Níl aon-mhaith dhom a bheith ag fosaíocht leis ach é a rádh amach = cainnt nó scéal a bheadh duine a choinneál siar
Má tá a fhios agad é, ná bí ag fosaíocht leis ach innis amach duinn é, gan frapa gan taca
TUILLEADH (5) ▼
Is mór an fhosaíocht a bhí agad léithe, nachar chuir isteach faoi Sh. í agus bheadh tuitim imearha agad aríst. Ní chuirfinn ag imirt chnaipí thú = imreoir a choinnigh an t-aonahairt ro-fhada in a ghlaic
Má fhaghann tú dath an mháimh an iarraidh seo, ná bí ag fosaíocht leis mar a bhíos tú i gcomhnaí, ach tabhair clár dhó. Feicimse chuile fhear ag forcamhás ar an gcúig dheireannach
Má tá aon-bhraon fuisce ann nach diabhlaí an fhosaíocht atá orra leis nach roinneann amach é. Beidh lucht na tórra(imhe) imithe ar ball, agus gan duine ar bith len ól
Bhí a fhios agam go raibh an rud sin ar a intinn i gcaitheamh na seachtaine, agus nach híontach an fhosaíocht a bhí air in a dheidh sin, nach gcainteódh sé as a bhéal air. Tá sé an-dorcha
D'aithneódh dall gan súil go raibh fosaíocht eicínt air leis an láimh i gcaitheamh an achair. Bhrath mise go maith é. Bhí a fhios agam go raibh an t-airgead i gcúl a ghlaice aige, ach nach dtiúrfadh sé don fhear istigh é, go mbaineadh sé an méid sin cainnte amach. Diabhal mé muise gur beag eile sáraíocht a dhéanfadh sé nuair a mhaithfeadh an ceann istigh dhó é. B'fhearr leis a theacht len a raibh faighte aige, ná a bheith dhá mheárú fhéin
c.
ag imeacht ag forcamhás ar dhuine, nó ar an rud a bheadh aige.
+–
Breá nach bpósann sé an gearrchaile agus gan a bheith ag fosaíocht léithe níos fuide. Is olc í an chúirtéaracht fhada
Bhí sé annsiúd ag fosaíocht leis an ministéara agus an ministéara ag coinneál deóladh leis ariamh. "Jumper" a bhí ann = ag forcamhás air
TUILLEADH (1) ▼
Is beag an tsamhaoine dhó muise a bheith ag fosaíocht le M. Ph. Sh. Dheamhan brabach a bhéas dhá bharr sin aige. Cut bradach a gheobhadh brabach air. Ní raibh aige ariamh ach an láimh iata.
Féach freisin
→
fál
Fosaíocht in iontrálacha eile (2)
→
fosaí
Chuir mé an t-ógánach seo ag fosaíocht ag an gcladach inniu, ach go deimhin agus go dearfa is olc an fosaí é. Leig sé na beithigh aniar thar an gclaidhe san gcoirce, agus é féin ag rith indiaidh coiníní. Go deimhin theastódh na claidheachaí siúd a bhiorú. Dhá mbeidís bioruithe ní iarrfaí a ghnatha air
Tá an ghráin dhíobhálach aca ar an talamh thuas anois. Ní fhanfaidh siad ala na h-uaire ann mara mbeidh duine eicínt ag fosaíocht leo. Shílfeá muise gur maith an túmsacht (tomsacht, tiomsacht) atá ann fós. Uabhar atá ar na diabhail!